Tar éis bháis san ospidéal tá fear sna caogaidí a gortaíodh nuair a bhuail an gluaisrothar a bhí sé a mharcaíocht agus gluaisteán faoina chéile i mBaile Uí Fhiacháin i gCo Mhaigh Eo arú inné.
Tharla an tubaiste ar Bhóthar Chaisleán an Bharraigh i mBaile Uí Fhiacháin ag thart ar 4.50 tráthnóna Dé Domhnaigh.
Cuireadh cóir leighis ar an bhfear ar an mball agus tugadh é ina dhiaidh sin go hOspidéal Ollscoile Mhaigh Eo i gCaisleán an Bharraigh, áit ar bhásaigh sé ó shin.
Ghabh na Gardaí fear sna seascaidí i dtaca leis an tubaiste ach scaoil siad saor é ó shin gan é a chúiseamh in aon chion.
Tá na Gardaí i gCathair na Mart ag achainí ar aon duine a mbeadh aon eolas acu ar an tubaiste teacht chun cainte leo, go háirithe tiománaithe a bhí sa cheantar ag an am agus a mbeadh íomhánna ó cheamara deaise acu.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ