Tar éis bháis san ospidéal tá fear 51 bliain d'aois a gortaíodh go dona i lár Bhaile Átha Cliath go moch ar maidin Dé hAoine seo caite.
Is ar Shráid Uí Chonaill Uachtarach ag thart ar 4.15 ar maidin Dé hAoine a gortaíodh an fear agus Gardaí a bhí ar dualgas ansin ag an am ag plé leis.
Tá an cás á fhiosrú ag Oifig Ombudsman an Gharda Síochána, a bhfuil Fiosrú mar ainm air anois.
Tá Fiosrú ag achainí ar aon duine a mbeadh aon eolas acu ar ar tharla teacht chun cainte leo, go háirithe má bhí siad sa cheantar ag an am.
Ba mhór an cúnamh freisin, a deir Fiosrú, aon íomhánna ó cheamara deaise nó ó cheamara ar bith eile.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ