Tá fáilte curtha ag daoine ar An bhFál Carrach i gCo. Dhún na nGall roimh an scéal go bhfuil Comhairle Chontae Dhún na nGall chun eastát tithíochta a thógáil ansin.
Deirtear go mbeidh formhór na dtithe sin á gcur ar fáil do chainteoirí Gaeilge.
Deir siad go gcaithfidh an chomhairle anois labhairt le soch-theangeolaithe le h-oifigigh pleanála teanga agus leis an bpobal chun saineolas a fháil faoin tslí is fearr chun na tithe a dháileadh.
Ar na mallaibh, thug Comhairle Condae Dhún na nGall cead pleanála do scéim tithíochta 25 teach ar Bhóthar an Stáisiúin ar An Fhál Charrach.
I measc na gcoinníollacha tá coinníoll Gaeilge, sé sin gur ag cainteoirí Gaeilge a bheas aon cheann is fiche de na tithe sin.
Tá seo ag teacht faoi réir Phlean Forbartha Dhún na nGall, 2024-30 a leag síos go gcaithfidh Gaeilge a bheith ag 85% de na daoine a bheas ina gcónaí i scéim tithíochta sa Ghaeltacht.
Rinne Coiste na Gaeilge sa chomhairle plé le saineolaithe agus lucht pleanála teanga ar an chaighdeán Gaeilge a chaithfeadh a bheith ag an 85% sin.
Tá fáilte curtha ag Pobal Eascarrach roimh an choinníoll teanga seo.
Deir siad go bhfuil 70% de na tithe i nGaeltacht Dhún na nGall ina dtithe saoire agus folamh an chuid is mó de na bhliain.
Comhairleoir neamhspleách amháin a mhol go gcuirfí an choinníoll 85% isteach sa phlean condae.
Deir sé go gcaithfear ceantair laga Ghaeltachta a chur san áireamh agus cuidiú le daoine a bhfuil tithe de dhith orthu.
Tá comhairle curtha ag Conradh na Gaeilge gur leibhéal B2 den Teastas Eorpach Gaeilge nó TEG a chaithfeadh an t-iarrthóir a bhaint amach.
Coinneofar súil ghéar ar na chéad scéimeanna den chinéal seo agus ar na patrúin teanga a leanfas iad.