Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

'Dhá philéar scoir scaoilte le James Wray agus é ar lár'

03 OCTOBER 2025, 08:41

Joseph Mahon as Doire taobh amuigh den chúirt i mBéal Feirste inniu
X Facebook

Fear a lámhachadh agus a leonadh Domhnach na Fola i nDoire nuair a bhí sé ina dhéagóir, dúirt sé i gcúirt i mBéal Feirste inniu gur lámhach agus gur mharaigh saighdiúir ó Arm na Breataine fear eile a bhí leonta agus sínte ar an talamh.

Ag tabhairt fianaise a bhí Joseph Mahon i dtriail an té a dtugtar Saighdiúir F air, iarshaighdiúir atá cúisithe i mbeirt fhear a dhúnmharú i gceantar Thaobh an Bhogaigh ar an 30 Eanáir 1972 agus in iarracht a dhéanamh ar chúigear eile a dhúnmharú.

Bhí Joe Mahon sé bliana déag d'aois ag an am agus thug sé le fios sa chúirt inniu go raibh sé i bPáirc an Ghleanna Fhada Thuaidh i dTaobh an Bhogaigh nuair a scaoil saighdiúir le roinnt daoine a bhí tar éis dul ar foscadh ann.

Dúirt Joe Mahon gur buaileadh é, gur fhan sé ina luí ar an talamh gan cor as agus gur lig sé air féin go raibh sé marbh.

An bheirt ógfhear a bhfuil Saighdiúir F cúisithe ina ndúnmharú, William McKinney agus James Wray, bhí siadsan ann freisin.

James Wray agus William McKinney

De réir an chuntais a thug Joe Mahon inniu, bhí William McKinney sínte ar an talamh in aice leis agus an dé ann fós, ar éigean.

Shiúil an saighdiúir céanna tharstu, chuaigh chomh fada le James Wray a bhí sínte ar an talamh i ngaobhar dóibh agus scaoil dhá philéar scoir leis.

"Tá ceann eile faighte agam!" arsa an saighdiúir lena chomhghleacaithe.

Ina dhiaidh sin, dhírigh an saighdiúir a raidhfil ar Joe Mahon ach ar an nóiméad lom tháinig glór as áit éigin ag achainí ar an saighdiúir gan an gunna a scaoileadh.

Is cosúil gur thug an saighdiúir neamhaird ar an nglór sin mar chuala Joe Mahon blosc ón ngunna.

Ar ámharaí an tsaoil, níor buaileadh é agus bhí sé ar an gcuid a théarnaigh ón bhfíoch fola seachas ar na trí dhuine dhéag a treascraíodh.

Tá Saighdiúir F ag pléadail neamhchiontach sna cionta ar fad atá curtha ina leith.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ