Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

'Éireannaigh faoi choinneáil i bpríosún i ndeisceart Iosrael'

03 OCTOBER 2025, 12:52

Bhí súil ag lucht an loingis lón bia agus leighis a thabhairt chomh fada le Gaza
X Facebook

Creidtear go bhfuil gach duine de na hÉireannaigh a bhí ar bord an loingis idirnáisiúnta fóirithinte sa Mheánmhuir, go bhfuil siad faoi choinneáil anois in Iosrael.

Tuigtear gur 22 Éireannach atá i dtreis agus dúirt a n-urlabhraí in Éirinn, Helen Lawlor, gur cosúil gur i bpríosún i nGaineamhlach na Neigibe i ndeisceart Iosrael atá siad á gcoinneáil faoi láthair.

Is ó dhlíodóirí Palaistíneacha sa phríosún a fuair Helen Lawlor an fhaisnéis sin, a dúirt sí.

Ceaptar nach mbeidh na géibheannaigh i bhfad ann, más ea, agus go ndíbreofar as Iosrael iad go gairid.

Mar sin féin, tá sé de nós ag na hIosraelaigh tuineadh le gníomhairí idirnáisiúnta a thógann siad cáipéisí áirithe a shíniú sula scaoileann siad saor iad.

Maítear sna cáipéisí sin gur tháinig na géibheannaigh go hIosrael go neamhdhleathach, bíodh is gurb iad na hIosraelaigh a thug ann iad go neamhdhleathach nuair a ghabh siad iad in uiscí idirnáisiúnta.

Mura gcuireann daoine a n-ainm leis na cáipéisí úd, is iondúil go dtugtar os comhair cúirte iad agus go ndíbrítear iad cúpla lá ina dhiaidh sin.

40 bád sibhialtach agus 500 duine as tíortha éagsúla a bhí sa loingeas fóirithinte a raibh soláthairtí bia agus leighis ar iompar aici le súil a ndáileadh ar lucht an chaill in Gaza.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ