Tugadh fear 58 bliain d'aois os comhair Chúirt Dúiche Bhéal Átha Seanaidh i gCo Dhún na nGall inniu agus é cúisithe i bhfear 61 bliain a dhúnmharú sna Cealla Beaga sa chontae sin i mí an Aibreáin seo caite.
Tá James Spendley as Cnoc Chuimín sna Cealla Beaga cúisithe i ndúnmharú Eddie Friel a fuarthas gan mheabhair gan arann ina theach cónaithe i gCéide Radharc an Chuain sna Cealla Beaga ar an 13 Aibreán, mar a bhfuair sé bás tamall gairid ina dhiaidh sin.
Bhí James Spendley faoi chonneáil ón 15 Aibreán ó cúisíodh é roimhe seo i ndíobháil thromchúiseach a dhéanamh d'aon ghnó nó go meargánta do Eddie Friel.
Cuireadh an cúiseamh sin ar ceal sular cuireadh dúnmharú ina leith.
Dúirt Garda sa chúirt inniu nach ndúirt James Spendley aon ní nuair a rinneadh an cúiseamh nua air.
Dúradh freisin gur threoraigh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí an cás a éisteacht sa Phríomh-Chúirt Choiriúil.
Cuireadh James Spendley siar faoi choinneáil agus tá sé le teacht os comhair Chúirt Dúiche Shligigh ar nasc físe Déardaoin seo chugainn.
Bhí teaghlach Eddie Friel sa chúirt inniu.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ