Tá an t-iarrthóir a bhí roghnaithe ag Fianna Fáil i dtoghchán na hUachtarántachta Jim Gavin tar éis fógairt go bhfuil sé "ag seasamh siar láithreach" ón iomaíocht.
D'admhaigh iarbhainisteoir peile Átha Cliath go raibh "botún" déanta aige agus nach raibh sé tar éis "cloí leis na caighdeáin atá agam dom féin" faoi thuairiscí le cúpla lá anuas go bhfuil €3,300 fós le n-íoc ar ais aige le tionónta dá chuid 16 bliain ó shin.
San Irish Independent ar dtús a tháinig an scéal Dé Sathairn go raibh an t-airgead fós le tabhairt ar ais ag an iarrthóir do theaghlach a bhí ina gcónaí i dteach a bhí ligthe ag Jim Gavin ó 2007 go 2009.
Tá sé ráite ag Gavin go raibh "deacrachtaí airgid" aige féin ag an am a raibh an t-árasán i lár-thuaisceart na príomhcathrach ligthe aige le lánúin.
Nuair a d'fhág an lánúin an áit, bhí a gcíos fós á íoc faoi bhuanordú de bharr earráid baincéireachta cé go raibh an buanordú curtha ar ceal ag na tionóntaí.
D'inis siad don nuachtán go ndeachaigh siad i dteagmháil go minic le Jim Gavin ag iarraidh an €3,300 ar ais ach nach bhfuil sásamh faighte fós acu 16 bliain dár gcionn.
Micheál Martin faoi bhrú
Tá an Taoiseach tar éis a rá "go dtuigeann" sé an cinneadh atá déanta anois ag Jim Gavin agus "gurbh é an cinneadh ceart é.
Tuigeann Jim go bhfuil botún déanta aige agus tuigeann sé nár chóir aon chonspóid a bheith ag baint le Uachtarántacht na tíre."
Tá an bheirt iarrthóir atá fanta sa gcomórtas tar éis a rá go bhfuil an cinneadh ceart déanta ag iarrthóir Fhianna Fáil.

"Guím gach rath air" a deir an t-iarrthóir Neamhspleách Catherine Connolly, a dúirt freisin "gurbh é an cinneadh cóir é dó féin agus dá chlann."
Dúirt iarrthóir Fhine Gael Heather Humphreys go bhfuil "cion céadach déanta ag Jim Gavin ar son na hÉireann, ó thaobh na bhFórsaí Cosanta agus ó thaobh chúrsaí CLG" agus dúirt sí gur ceart agus cóir dó seasamh siar anois "ar mhaithe lena chlann."
"Fianna Fáil corraithe" - Kelleher

Idir an dá linn tá an Feisire Eorpach Billy Kelleher - a bhfuair iarrthóir an Taoisigh an ceann is fearr air sa gcoimhlint d'ainmniúchán Fhianna Fáil - tar éis a rá "go gcaithfidh iarmhairtí" a bheith ag baint le rogha Mhicheál Martin.
"Dul amú agus mí-áireamh tromchúiseach" a deir Billy Kelleher a déanadh, "rud nach féidir a cheilt" agus atá tar éis baill an pháirtí a fhágáil "suaite."
"Tá go leor i bhFianna Fáil agus go leor i gcoiteann ar fud na tíre trína chéile agus corraithe faoin méid atá tarlaithe" a deir Billy Kelleher.
Chaith an Feisire amhras ar chinnireacht an pháirtí faoin bpróiseas ainmniúcháin agus dúirt sé "go gcaithfear athbhreithniú a dhéanamh anois ar an gcaoi gur cuireadh feachtas Jim Gavin chun cinn sa bpáirtí, gan an dícheall cuí a bheith déanta."