Tá fógra sábháilteachta seolta ar bhonn práinne ag an gCoimisiún Iomaíochta agus Cosaint Tomhaltóirí faoi 114,000 caidéal cúrsaíochta atá i gcórais teasa i dtithe sa tír mar gheall ar bhaol mór leictreamharú.
Siad caidéil den déanamh Tucson 5m, 6m agus 8m a táirgíodh idir 2017 agus 2014 atá i gceist.
Is féidir an leictreachas príomhlíonra a nascú iompaithe droim ar ais ar na caidéil sin, rud a fhágann gur féidir leis an bpionna beo ceangailt leis an bpionna talmhú, agus is as sin a thagann an chontúirt leictreamharú.

Deir an Coimsiún gur féidir le daoine na córais teasa a úsáid mar is gnách ach curtar fainic ar dhaoine gan na caidéil lochtacha a láimhseáil.
Níor chóir do thomhaltóirí an caidéal a dhí-cheangailt nó a athrú, ná níor chóir dóibh tabhairt faoi aon chothabháil.
Tá an Coimisiún i mbun fiosraithe faoin scéala, tar éis don Údarás Sláinte agus Sábháilteachta iad a chur ar an eolas faoin gcontúirt.
Mar thortha ar an bhfiosrú tá an táirgeoir - Tucson Pumps - ag tabhairt faoi mhórfheachtas athsholáthair agus beidh tomhaltóirí in ann caidéal nua a fháil in aisce, agus é a bheith feistithe agus curtha i bhfearas ag teicneoir cáilithe de chuid Tucson nó ag gníomhaí cáilithe seirbhísí.
Tá Patrick Kenny, ball den Choimisiún, ag moladh do dhaoine a bhfuil aon obair déanta ar a gcóras teasa le 8 mbliana anuas breathnú go bhfeicfidh siad an bhfuil caidéal fabhtach sa teach.
Is féidir cuidiú sa mbreis a fháil más gáth ach glaoch ar 01 842 6255.

"Ná leag lámh ar an gcaidéal" a deir Patrick Kenny. "Ní gáth ach breathnú, an branda Tucson a aimsiú, agus seiceáil an bhfuil an tsraithuimhir ar an liosta atá seolta ag an gCoimisiún."
Deir an Coimisiún go bhfuil siad ag iarraidh lucht ceirde go sonrach a chur ar an eolas faoin gcontúirt mar gurbh é an tráth seo bliana a bhíonn custaiméirí ag iarraidh go ndéanfaí seirbhísiú ar a gcóras teasa.
Táthar ag moladh freisin do lucht díolacháin a stoc a sheiceáil agus aon chaidéal lochtach a chur go leataobh.
Caithfear aon chaidéal leis na sonraí seo a leanas a athrú:
S/N A, S/N B, S/N C, S/N D44 nó níos túisce,
S/N 2017, S/N 2018, S/N 2019, S/N 2020.