Tá fiosrúchán ar bun ag na Gardaí faoi chorp a fritheadh i gcarr a bhí tré thine i Sórd Cholmcille i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath.
Roimh meánlae a fritheadh an corp nuair a cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála faoi charr a bheith tré thine ar Lána Chill Fhéich.
Tar éis don tine a bheith múchta ag an mBriogáid Dóiteáin a tugadh faoi deara an corp.
Tá an limistéar caomhnaithe ag na Gardaí agus fios curtha ar an mBiúró Teicniúil agus ar Phaiteolaí an Stáit.
Tá na Gardaí a deir siad go mór in amhras faoi chéard ba chion tsiocair le bás an duine.
Ní heol ag an tráth seo a deir siad ar bean nó fear a loiscíodh.
Meastar go mbeidh fianaise DNA ag teastáil le ainm a chur ar an duine.