Tá muintir agus cairde leis an gcraoltóir agus scríbhneoir Manchán Magan tar éis bailiú tráthnóna ar a shochraid i gColáiste Gonzaga i mBaile Átha Cliath, áit a ndeachaigh sé ar scoil.
Bhásaigh sé le ailse Déardaoin seo caite, gan é ach 55.
Chruinnigh buíon mór ceoltóirí le slán a fhágáil leis, ina measc Liam Ó Maonlaí, Glen Hansard, Colm Mac Con Iomaire agus Lisa O'Neill agus bhí beirt ón mbanna Kneecap Niall Breslin agus JJ Ó Dochartaigh i láthair freisin.
Dúirt an tAth Tom Casey a léigh an t-aifreann go mbeadh sé tar éis fáilte a chur roimh an slua ar 32 bealach éagsúla, dá mbeadh an oiread sin leaganacha aige den fhocal fáilte.
Labhair an sagart faoin leabhar 32 Words for Field a scríobh Manchán, ina bhfuil cur síos ar "an rince éagsúil sa saol a dhéanann teangacha éagsúla."
"Agus féach an rince a rinne sé! I nGaeilge, i mBéarla, i bhFraincís - ceol a bhí iontu uilig do Mhanchán mar thuig sé nach uirlisí cainte amháin iad, ach cosán le siúl sa saol."
Rinne sé cur síos freisin ar an gcuairt a thug Manchán air an tseachtain seo caite, "agus é lag, ach lán le beocht."
"Gael ina chroí a bhí ann" a dúirt an tAth Casey "a chruinnigh solas ón saol beo agus a d'éist le guth na talún.
"Bhain sé iontas as an saol, fear lán d'iontas a bhí ann. An saol a chaitheamh i mbun iontais, sin é an bronntanas atá fágtha aige dúinn."
Teachtaireacht shimplí ach corraitheach craitheach a bhí aige dúinn a dúirt an sagart - "Muna siúlann muid coiscéimeanna an spioraid, ní fhágfaidh muid aon lorg."
I measc na nithe san ofráil a tugadh chun na h-altóra bhí "trí cinn, sin é an méid, as an iliomad foclóirí a bhí aige", an péire cuarán is fearr a thaitnigh leis, mil óna chuid beacha féin agus druma a bhí faighte aige mar bhronntanas ó chairde Bundúchasacha.
"Ní imithe atá sé" a dúirt a dheartháir Ruán "mar tá Manchán gach áit anois."
Ghlac sé buíochas le cách a chuidigh agus a bhí cineálta lena leathbhádóir scannánaíochta le linn a thinnis, agus labhair sé faoin gcaoi ar phós Manchán agus a pháirtí Aisling Rogerson in Ospidéal San Séamus le cúpla seachtain anuas, agus an chaoi ar mhaisigh poirtéirí an ospidéil seomra leapan nua-lánúine dóibh.
Dúirt a bhean chéile gur "onóir a bhí ann aire a thabhairt dó le cúpla seachtain anuas", labhair sé faoin ngrá láidir a bhí acu, agus faoin mbród a d'airigh sí faoina shlí bheatha agus faoi scaipeadh a theachtaireachta.
"Bhain sé leas as an nGaeilge" a dúirt Aisling "ar son teanga agus cultúr a shárú."
Tugadh cuireadh do lucht na sochraide síol a ghlacadh ó ghabhaltas Mhancháin agus é a chur in áit éigin i gcuimhne air.
Bhí a mháthair Cróine i láthair, chomh maith lena dheirfiúr Líadain agus a chuid deartháireacha Ríoch agus Ruán.
Imithe roimhe tá a athair Michael agus a dheirfiúr Dairíosa.
Rinne an Aide-de-Camp an Ceannfort Deirdre Newell ionadaíocht thar ceann an Uachtaráin agus bhí Aire na Gaeltachta Dara Calleary ann chomh maith.
Bhí ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Ivana Bacik freisin i láthair.
Beidh searmanas luaithreach agus ceiliúradh ar an spiorad agus ar an talamh in Uisneach i gCo na hIarmhí, Lá Samhna.