Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

An tUachtarán Higgins ar ais in Áras an Uachtaráin

28 OCTOBER 2025, 15:54

Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins
X Facebook

Tá an tUachtarán Michael D Higgins ar ais in Áras an Uachtaráin tráthnóna tar éis dó dhá oíche a chaitheamh in Ospidéal San Séamas i mBaile Átha Cliath.

Bhí cóir leighis á chur ar an Uachtarán Higgins san ospidéal sin ón Domhnach tar éis dó ionfhabhtú a tholgadh.

Is cosúil gur chuir sé an t-ionfhabhtú de ó shin agus scaoileadh amach as an ospidéal é tráthnóna inniu.

Dúirt urlabhraí an Uachtaráin gur theastaigh uaidh buíochas a ghabháil le foireann an ospidéil agus le daoine a chuir dea-ghuí chuige nuair a bhí sé ann.

Chaith an tUachtarán Higgins roinnt laethanta in Ospidéal San Séamas anuraidh de bharr imní faoina bhrú fola agus thug sé le fios tamall ina dhiaidh sin gur bhuail mionstróc é.

Coicís eile atá fanta ag Michael D Higgins mar Uachtarán agus an cúram le glacadh uaidh ag Catherine Connolly ar an 11 Samhain.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ