Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Gearán foirmiúil faoi cheapachán Choimisinéir Cosanta Sonraí

28 OCTOBER 2025, 15:08

Ceannáras an Choimisiúin um Chosaint Sonraí i mBaile Átha Cliath
X Facebook

Tá gearán foirmiúil déanta ag an gComhairle um Chearta an Duine leis an gCoimisiún Eorpach faoi cheapachán duine den triúr Coimisinéirí Cosanta Sonraí in Éirinn.

Is í an duine atá i gceist Niamh Sweeney, ar ceapadh í an mhí seo caite.

Dar leis an gComhairle um Chearta an Duine nár comhlíonadh sa phróiseas ceapacháin na riachtanais chuí maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht.

Sular ceapadh í sa phost, bhí Niamh Sweeney ag obair do WhatsApp agus Facebook, ar leis an ollchomhlacht teicneolaíochta Meta iad.

Picture of a lady posing against a grey background
Niamh Sweeney

Sa ghearán atá déanta ag an gComhairle um Chearta an Duine, maítear gur "iarstocaire ar son Meta" is ea Niamh Sweeney "ar cosúil nach bhfuil aon saineolas [cuí] teicniúil, dlíthiúil ná imscrúdaitheach aici".

Deirtear sa ghearán go raibh Niamh Sweeney roimhe seo ag stocaireacht in aghaidh na gcaighdeán is airde maidir le cosaint sonraí agus in aghaidh chuspóirí an Choimisiúin um Chosaint Sonraí.

Chomh maith leis sin, a deirtear, tá duine den cheathrar a bhí ar an bpainéal a cheap í, tá an duine sin ag obair don earnáil teicneolaíochta, earnáil a chuireann go mór le geilleagar an Stáit.

Sa mhéid sin, a deir an Chomhairle um Chearta an Duine, níor cuireadh coimhlint leasa ná tionchar polaitiúil san áireamh sa phróiseas ceapacháin.

Ina fhianaise sin, de réir an ghearáin, d'fhéadfadh comhlachtaí teicneolaíochta breathnú ar an bpróiseas ceapacháin mar chomhartha go mbeidh cead a gcinn acu sa Stát seo i dtaca le sonraí daoine.

Dealraíonn sé gur gearán in aisce é cheana féin, ámh, ó thug urlabhraí an Choimisiúin Eorpaigh le fios tráthnóna nach bhfuil sé de chumhacht an gCoimisiún a ladar a chur sa scéal.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ