Tá sé tugtha le fios ag an Teachta Dála Pat 'The Cope' Ó Gallchóir ó Fhianna Fáil go bhfuil sé ag eagrú cruinnithe ina dháilcheantar féin i nDún na nGall le gnáthbhaill den pháirtí sin chun a dtuairimí a fháil ar cheannaire an pháirtí, an Taoiseach Micheál Martin.
Tá míshástacht i bhFianna Fáil faoin bpraiseach a rinneadh d'fheachtas an pháirtí sa toghchán Uachtaránachta agus tá an milleán á chur ag roinnt ionadaithe tofa ar Mhicheál Martin faoi.
Dúirt an Teachta Ó Gallchóir go raibh sé tábhachtach tuairimí agus moltaí na mball a fháil agus meas a léiriú dóibh mar gurb iad gnáthbhaill Fhianna Fáil "cnámh droma an pháirtí".
Beidh cruinnithe ag an Teachta Ó Gallchóir le Comhairlí Ceantair Fhianna Fáil i ngach ceantar bardais i gCo Dhún na nGall agus is sa Chrannóg i nGaoth Dobhair Dé hAoine seo chugainn a bheas an chéad cheann acu ar siúl.
Beidh cruinniú ag páirtí parlaiminteach Fhianna Fáil an tseachtain seo chugainn leis an toghchán Uachtaránachta a chíoradh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


