Tá tairiscint oifigiúil faighte ag Leas-phríomhfheidhmeannach reatha Fhoras na Gaeilge, Pól Deeds, chun dul i mbun oibre mar Choimisinéir Gaeilge ó thuaidh. Beidh sé ar an gcéad Choimisinéir Gaeilge ó thuaidh riamh.
Sceitheadh scéal a cheapacháin leis na meáin ar dtús i rith an tsamhraidh, mar aon le scéal cheapadh Lee Reynolds, atá le bheith ina Choimisinéir do Thraidisiúin na hUltaise agus na mBriotanach sa Tuaisceart. Is iarchomhairleoir de chuid an DUP ó Bhéal Feirste é Lee Reynolds.
In ainneoin go ndúradh leis an mbeirt fhear gur éirigh leo na postanna a fháil, ní bhfuair ceachtar acu tairiscint fostaíochta i scríbhinn.
Tá na litreacha sin faighte acu anois.
ag dul i mbun oibre mar Choimisinéir Ultaise
Bhíothas ag súil go dtosnódh an bheirt fhear i mbun oibre ar 3 Samhain, ach tá sé sin curtha siar anois go dtí lár na míosa seo chugainn, ar a laghad. Tuigtear go rachaidh Pól Deeds i mbun oibre mar Choimisinéir Gaeilge i ndiaidh 12 Samhain.
Dúirt Ceannaire Pháirtí Comhghuaillíochta Thuaisceart Éireann, Naomi Long, ag tús na míosa seo go raibh polaiteoirí áirithe sa bhFeidhmeannas ó thuaidh ag déanamh "cogadh cultúrtha" de pholasaithe teanga, mar go raibh an oiread sin de mhoill á cur acu ar chur i bhfeidhm na bpolasaithe.
Chuir Pól Deeds é féin i leith an Fheidmeannais go raibh ag teip orthu "dualgas cúraim" a léiriú do ról an choimisinéra.
Is iomaí dúshlán a bheas roimh Phól Deeds ina ról nua.
Gealladh i 2006 go bhfoilseofaí Stráitéis Gaeilge don Tuaisceart. Ach tá an-mhoill ar a foilsiú. Tá athbhreithniú breithiúnach glactha ag Conradh na Gaeilge maidir leis an easpa dul chun cinn atá déanta, a deir siad, ó thaobh an stráitéis seo a fhoilsiú.
Vótáil Comhairle Chathair Bhéal Feirste i bhfábhar glacadh le polasaí Gaeilge an mhí seo, ach tá go leor polaiteoirí Aontachtacha go láidir ina choinne.
Tá cáineadh géar déanta ag an DUP ar chomharthaí dátheangacha ar shráideanna.


