I gCúirt Chuarda Choiriúil Leitir Ceanainn i gCo Dhún na nGall, cuireadh siar go dtí mí Feabhra seo chugainn cás atá tugtha in aghaidh comhlacht oibreacha bóthair maidir le timpiste inar maraíodh fear agus a bheirt pháistí in 2020.
Tá naoi gcúis a bhaineann leis an Acht um Shabhailteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair curtha i leith Whitemountain Quarries as Co Aontroma maidir leis an tubaiste inar maraíodh John Mullan, a mhac Tomás agus a iníon Amelia i Rinn Uí Choigligh in Inis Eoghain ar an 20 Lúnasa 2020.
Maraíodh an triúr nuair a d'imigh a ngluaisteán den bhealach agus chuaigh amach san uisce i Loch Feabhail.
49 bliain d'aois a bhí John Mullan, ceithre bliana déag a bhí Tomás agus sé bliana a bhí Amelia.
Máthair na bpáistí, Geraldine Mullan, d'éirigh léi teacht amach as an ghluaisteán agus seasamh ar a barr nó gur tarrtháladh í.
Níos luaithe an mhí seo, cuireadh ar athló an coiste cróinéara faoi bhás an triúir nuair a tugadh le fios go raibh an cás dlí tionscanta ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


