Tá fear sna daichidí tar éis bháis san ospidéal i Sasana dhá mhí ó ionsaíodh é i lár chathair Bhaile Átha Cliath.
Is i gCearnóg Bharra an Teampaill go gairid tar éis an mheán oíche ar an 21 Lúnasa a ionsaíodh an fear, ar turasóir as Sasana a bhí ann.
Gortaíodh é go han-dona agus bhí cóir leighis á chur air in Ospidéal Beaumont go dtí gur aistríodh é go hospidéal i Sasana.
Deir na Gardaí gur bhásaigh an fear san ospidéal thall Dé Sathairn seo caite.
Deir siad gur tugadh fear sna fichidí os comhair cúirte cheana faoin ionsaí.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


