Tá Spéirling Melissa tagtha i dtír in oirthear Chúba agus í maolaithe beagán ó thuargain sí Iamáice inné.
Rinne an spéirling scrios as cuimse in iardheisceart Iamáice go háirithe, áit ar fhág sí báite cuid mhór de cheantar St Elizabeth.
Luas 297 ciliméadar san uair a bhí faoin ngála gaoithe in amanna agus ba mar uisce á dhoirteadh as soitheach a bhí na frasa fearthainne a d'fholc an limistéar.
Sracadh díonta de thithe, teachíní beaga na mbocht go háirithe, agus fágadh idir árais chónaithe agus ionaid ghnó faoi uisce.
Rinneadh damáiste d'ospidéil freisin ach níl aon eolas thairis sin tugtha fós faoin mbail atá orthu dá bharr.
Tuairiscítear go bhfuil 500,000 duine in St Elizabeth gan cumhacht leictreach agus gan barúil ag aon duine fós cathain a gheobhaidh siad ar ais é.
Agus an spéirling ag triall ó thuaidh agus ag tabhairt a haghaidhe ar Chúba, tá a mbailte fágtha ag 735,000 duine in oirthear na tíre sin.
Ar ámharaí an tsaoil, deirtear nach bhfuil an neart céanna sa ghaoth agus a bhí nuair a bhuail sí Iamáice. Go deimhin, lagú suntasach atá ann, ó 297 go 185 ciliméadar san uair.
Mar sin féin, is cinnte go ndéanfaidh sí damáiste mór d'infreastruchtúr Chúba agus tá rialtas na tíre ag achainí ar an bpobal dul ar foscadh agus gan fanacht i mbearna an bhaoil.
I ndiaidh di a lorg a fhágáil ar Chúba, tá Melissa le teacht i dtír sna Bahámaí.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


