Tugadh le fios i gCúirt Chuarda Choiriúil Bhaile Átha Cliath ar maidin inniu go raibh an t-iarbháireoir aitheanta as Cill Chainnigh DJ Carey san ospidéal agus nach raibh sé in ann teacht os comhair na cúirte inniu mar a bhí beartaithe.
Bhí pianbhreith le gearradh sa chúirt inniu ar DJ Carey as calaois a dhéanamh ar dhaoine nuair a lig sé air go raibh ailse air agus d'iarr airgead orthu.
I mí Iúil seo caite, díreach sula raibh sé le cur ar a thriail, phléadáil sé ciontach i ndeich gcúis a bhain le calaois.
Mheall DJ Carey airgead ó dhaoine idir 2014 agus 2022, tráth a mhaígh sé go calaoiseach go raibh ailse air agus go raibh an t-airgead uaidh le go gcuirfí cóir leighis air.
Bhí an fear gnó Denis O'Brien i measc na dtrí dhuine dhéag ar chuir sé cluain orthu agus a bhfuair sé airgead uathu.
Dúradh sa chúirt inniu go raibh DJ Carey in Ospidéal Portiuncula i mBéal Átha na Sluaighe i gCo na Gaillimhe agus nach bhféadfadh sé teacht i láthair na cúirte.
Thug abhcóide an Stáit Dominic McGinn le fios go raibh sé díreach tar éis fótachóip de litir dochtúra a fháil ina ndúradh go raibh DJ Carey san ospidéal sin.
Dúirt Dominic McGinn gur cuireadh an scéal ar a súile do na Gardaí inné, gur fhiosraigh siad an scéal agus go ndúradh leo nach raibh DJ Carey san ospidéal sin ag an am, mar othar cónaitheach ar chuma ar bith.
Dúirt dlíodóirí DJ Carey cé nach raibh ailse air go raibh a shláinte go dona agus gur cuireadh obráid croí air anuraidh.
Bhí tuairsic síceolaíochta i leith DJ Carey iarrtha ag an abhcóide cosanta Colman Cody roimh an éisteacht inniu.
Cuireadh an éisteacht ar atráth go dtí an Aoine beag seo.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


