Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Costais dlí Shaighdiúir F íoctha ag an mBreatain

30 OCTOBER 2025, 15:53

Domnach na Fola, 30 Eanáir 1972
X Facebook

Tá sé tagtha chun solais gur chaith Rialtas na Breataine breis agus £4 mhilliún ag cosaint an iarshaighdiúra, dá ngairtear Saighdiúir F, a fuarthas neamhchiontach an tseachtain seo caite i ndúnmharú beirt fhear i nDoire Domhnach na Fola.

Is é an feisire parlaiminte Colum Eastwood ón SDLP a d'iarr agus a fuair an t-eolas agus dúirt sé féin agus teaghlaigh na marbh gur chuir an scéal alltacht orthu.

Déardaoin seo caite, fuarthas neamhchiontach Saighdiúir F i mbeirt fhear, James Wray agus William McKinney, a dhúnmharú ar an 30 Eanáir 1972.

Fuarthas neamhchiontach é freisin in iarracht a dhéanamh ar chúigear eile a dhúnmharú an lá céanna.

Cé gurb é stát na Breataine a chuir an dlí ar Shaighdiúir F a chéaduair, áfach, is é stát na Breataine chomh maith a d'íoc a chostais dlí ó 2019, i gceann na gcostas eile a bhí air i gcaitheamh an achair sin – taisteal, lóistín agus cúram pearsanta ina measc.

Bhí athair Tony Doherty ar dhuine de na ceithre shibhialtach dhéag a maraíodh Domhnach na Fola agus dúirt sé gur mhór an náire airgead mór mar é a chur ar fáil do dhuine amháin thar dhaoine eile sa stát céanna.

Ní hé sin deireadh an scéil, is cosúil. Chomh maith leis na £4 mhilliún a cuireadh ar fáil do Shaighdiúir F cheana, dúirt an tAire Stáit sa Bhreatain Alistair Carns go mb'fhéidir go mbeadh tuilleadh airgid fós le híoc leis nuair a shuimeofaí an bille iomlán.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ