Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Gan aon éalú ó théarma príosúin ag DJ Carey - Breitheamh

31 OCTOBER 2025, 17:29

X Facebook

Ní beidh aon éalú ag DJ Carey, 54, ó théarma príosúin de bharr a chiontaithe as airgead a bhaint de dhaoine le calaois agus é a ligean air gur theastaigh an t-airgead do chóir leighis ailse.

Sin é a dúirt an Breitheanh Nolan i gCúirt Chuarda Bhaile Átha Cliath inniu agus pionós dá mheas do Carey, atá ciontaithe i mbeagnach €400,000 míle bhaint de dhaoine idir 2014 agus 2022. Níl ach €44,200 de seo aisíoctha.

Mí Íúil, phléadáil an t-iariománaí do Chill Chainnigh ciontach i ndeich gcion maidir le airgead a bhaint de dhaoine le calaois.

Tá deich gcion eile á gcur san áireamh ag an gcúirt.

Dúirt a abhchóide leis an gcúirt go bhfuil cáil DJ Carey tite go tubaisteach agus go bhfuil sé á sheachaint ag an bpobal. Dúirt Colman Cody leis go raibh aithe forleathan air, fiú ag daoine gur bheag é a spéis i gcúrsaí spóirt. Ach bhí an cion agus an meas sin ar fad imithe anois, a dúirt sé.

Thug an fear gnó Denis O'Brien breis agus €125,000 do Carey, chomh maith le $13,000 eile agus íocaíocht as iompar agus lóistín dó. Níl aon chuid den airgead sin aisíoctha. Ní cúnamh aon uair a bhí ann, a dúirt sé ach airgead a tugadh do Carey tar éis teacht chuige arís agus arís eile.

Dúirt O'Brien ina ráiteas tionchair iospartaigh go raibh iompar Carey thar a bheith fealltach, ionramhálach agus cleasach, gur tháinig i dtír ar a gcairdeas, agus gur chuir an dallamullóg air.

Thug Thomas Butler beagán le cois €16,000 do Carey, de bharr an aithne a chuir sé air ag an obair agus as a spéis sa CLG agus sa ghalf. Bhí Butler náirithe i súile an phobail, a dúirt sé, agus bhí cuma na soineantachta agus an amadáin air dá bharr. Ghoill sé go huafásach air gur úsáid Carey an ailse le calaois a dhéanamh air, ó bhásaigh a bheirt tuismitheoirí den ghalar sin.

Thug Margaret agus Ger Kirwan €4,000 do Carey nuair a d'inis sé dóibh go raibh an ailse chéanna air is a bhí ar Margaret féin.

B'éigean dí ráiteas a dhéanamh le Gardaí agus í i mbun chóir leighis ailse.

Íocadh ar ais na €4,000 sa deireadh.

I measc na ndaoine a thug airgead dó, bhí gaol le Carey féin, daoine a bhí ag obair leis agus cairde eile. Duine díobh sin é Tom Brennan a thug €120,000 dó ach nach bhfuair ar ais riamh é.

Chuala a chúírt nach raibh aon taifead ag a dhochtúir teaghlaigh go raibh ailse air, agus ní raibh taifead ar beith faoi Carey san ospidéal i Seattle sna Stáit Aontaithe, áit ar mhaigh sé féin a raib an cóir leighis á chur air.

Nuair a ceistíodh Carey i 2022, d'admhaigh sé gur chum sé an scéal faoin tinneas agus foin gcóir leighis de bharr fhiacha móra bhí aige leis an AIB. Thosaigh a chuid deacrachtaí airgeadais i 2012, a dúírt sé.

B'éigean dó codladh ina charr anois agus níl aon seoladh buan aige, a dúirt a abhcóide cosanta.

Ní bheadh sé ar a chumas go luath aon aisíoc a dhéanamh agus ghaibh sé leithscéal óna chroí le gach duine ar bhain sé an t-airgead díobh.

Tá tinneas croí air le fada, gus bhí pianta agus deacrachtaí aige thar an deireadh seachtaine a chuir air dul chuig an ospidéal.

D'iarr sé ar an mbreitheamh gan téarama príosúnachta a ghearradh air. Ach dúírt an Breitheamh Nolan nach mbeadh aon éalú ó théarma príosúnachta.

Dúirt an Breitheamh Nolan freisin go bhfuil na daoine ar baineadh an t-airgead díobh ag aireachtáil amaideach agus gur tháinig Carey i dtír orthu. Ach daoine maithe iad a thug an t-airgead go fial de bharr gur shíl siad go raibh Carey i gcruachás. Mhol sé iad ar a bhféile.