Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

5 bliana go leith príosún gearrtha ar DJ Carey

03 NOVEMBER 2025, 14:04

DJ Carey ag fáil na blianta i bpríosún
X Facebook

Tá téarma príosúnachta 5 bliana go leith gearrtha ar an iar-iománaí iomráiteach le Cill Chainnigh, DJ Carey.

Ciontaíodh Carey (54) as airgead a bhaint de dhaoine le calaois agus é a ligean air gur theastaigh an t-airgead do chóir leighis ailse.

Bhí €400,000 i gceist idir 2014 agus 2022.

Níl ach €44,200 de seo aisíoctha.

Dúradh i gCúirt Chuarda Choiriúil Bhaile Átha Cliath ar maidin gur mhór an titim é do fhear a raibh an oiread urraim agus ómóis gnóthaithe aige i saol na hiomána thar na blianta.

Mí Íúil seo caite, phléadáil Carey ciontach i ndeich gcion maidir le airgead a bhaint de dhaoine le calaois.

Bhí deich gcion eile á gcur san áireamh ag an gcúirt inniu.

I measc na ndaoine a dtáinig DJ Carey i dtír orthu bhí an fear gnó Denis O'Brien a thug breis agus €125,000 do Carey.

Níl aon chuid den airgead sin aisíoctha.

Ní cúnamh aon uair a bhí ann, a dúirt sé ach airgead a tugadh do Carey tar éis teacht chuige arís agus arís eile in imeacht 6 bliana.

Thug Margaret agus Ger Kirwan €4,000 do Carey nuair a d'inis sé dóibh go raibh an ailse chéanna air is a bhí ar Margaret féin.

B'éigean dí ráiteas a dhéanamh le Gardaí agus í i mbun chóir leighis ailse.

Íocadh ar ais na €4,000 sa deireadh.

Bhagair an Breitheamh Martin Nolan Dé hAoine seo caite nach mbeadh aon éalú ó théarma príosúnachta do DJ Carey agus ghearr sé 5 bliana go leith air tráthnóna.

Dúirt an Breitheamh freisin go dtáinig Carey i dtír ar dheá-mhéin agus nádúr chuid mhaith daoine.

i