Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Fear gafa maidir le fiosrúchán dúnmharaithe i gCill Dara

03 NOVEMBER 2025, 16:11

Ryan Gibbons a bhásaigh san ospidéal i ndiaidh an ionsaithe thromchúisigh
X Facebook

Tá fear gafa ag gardaí maidir leis an bhfiosrúchán atá ar bun acu faoi dhúnmharú fir eile i mbaile Chill Dara breis is seachtain ó shin.

Fuarthas Ryan Gibbons (29) sínte ina chnap gan aon mhothú go moch maidin Domhnaigh ar an 26 Deireadh Fómhair i gceantar Árdán Magee ar Bhóthar Bhaile Átha Cliath.

Bhí droch-ionsaí déanta air.

Tugadh chuig Ospidéal Ginearálta an Náis é, áit ar bhásaigh sé roinnt laethanta ina dhiaidh sin.

Ar maidin inniu a ghabh na gardaí fear, idir 17 agus 19 bliain d'aois mar chuid den fhiosrúchán dúnmharaithe atá ar bun acu.

Tá sé á choinneáil i stáisiún i gceantar Chill Dara.

Iarrtar ar aon duine a bhfuil aon eolas acu i dtaobh gach ar tharla dul i dteagmháil le Stáisiún na nGardaí i gCill Dara ag 045 527730, Líne Rúnda an Gharda Síochána ag 1800 666 111 nó aon stáisiún gardaí eile.