Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Léirsiú ag ionad Fastway

03 NOVEMBER 2025, 17:29

An-imní ar fhostaithe sa chomhlacht
X Facebook

Bhailigh léirsitheoirí lasmuigh d'ionad Fastway i mBaile Átha Cliath inniu.

Léirigh siad a n-imní faoin gcomhlacht atá imithe faoi ghlacadóireacht ón tseachtain seo caite.

Deir siad go bhfuil siad an-bhuartha go bhfágfar ar a laghad 1,000 duine, a bhí fostaithe ag an gcomhlacht i gcruachás ceart de bharr na bhfadhbanna i Fastway.

Teastaíonn ó fhostaithe, cúiréirí nó lucht seachadhtha a oibríonn mar chonraitheoirí sain-cheadúnaithe go ndéanfadh an rialtas idirghabháil ar a son.

Gheobhaidh na fostaithe a bpá don mhí seo ach beidh orthu fanacht ar an íocaíocht iomarcaíochta. Tá airgead ag dul chuig na cúiréirí ach deir siad nach bhfuil siad dóchasach go n-íocfar leo é.