Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

€17 milliún tugtha isteach ag Biúró Sócmhainní Coiriúla in 2024

04 NOVEMBER 2025, 11:37

Dhíol Biúró um Shócmhainní Coiriúla an Gharda Síochána 20 áit chónaithe anuraidh
X Facebook

Dhíol Biúró um Shócmhainní Coiriúla an Gharda Síochána 20 áit chónaithe anuraidh, an líon is mó a díoladh in aon bhliain amháin ó bunaíodh an t-aonad speisialta sin i 1996.

Áiteanna cónaithe iad ar fad a rialaigh an Ard-Chúirt gur le fáltais ó choireacht a ceannaíodh iad.

Ba leis an gcoirpeach aitheanta as Baile Átha Cliath Daniel Kinahan ceann de na tithe a dhíol an biuró anuraidh.

Is €930,000 a fuarthas ar theach Kinahan, teach mór galánta in eastát geataithe Lochanna an Uisce Fhuair i dTeach Sagard in iardheisceart Chontae Bhaile Átha Cliath. Sin €380,000 níos mó mar a iarradh agus is é an praghas is airde a fuair an biúró ar aon teach riamh.

Fuarthas airgead mór freisin ar mhaoin le duine de chúlaistíní Daniel Kinahan. Sin é Ross Browning a bhfuarthas €550,000 ar theach leis i mBaile Gháire i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath.

Is €17 milliún san iomlán a thug an Biúró um Shócmhainní Coiriúla ar láimh don Státchiste in 2024, lenar áiríodh €3.1 milliún i bhfáltais ó choireacht; €500,000 in íocaíochtaí leasa shóisialta a fuarthas go calaoiseach; agus €13.3 milliún i gcáin 'ó dhrochéadáil'.

Mar leis an gcáin 'ó dhrochéadáil' sin, is ó chomhlacht amháin a fuarthas €5.5 milliún de. Níl an comhlacht sin aimnithe ag an mbiúró, áfach.

Tá tuarascáil bhliantúil an bhiúró le foilsiú ag an Rialtas inniu.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ