Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

An tSiúr Stan, cara na mbocht, curtha i gcré na cille

07 NOVEMBER 2025, 16:12

I Séipéal an Chroí Rónaofa i nDomhnach Broc a bhí Aifreann na sochraide ar siúl
X Facebook

Adhlacadh i mBaile Átha Cliath inniu an tSiúr Stanislaus Kennedy, cara fíor lucht an chaill agus gníomhaí ar son an chirt, a bhásaigh in aois a sé bliana agus ceithre scór Dé Luain seo caite.

Rugadh agus tógadh an tSiúr Stan – Treasa Kennedy ó thús – sa Rinn Bhuí i Lios Póil i gCo Chiarraí agus chuaigh sí sna mná rialta, Siúracha na Carthanachta, nuair a bhí sí ocht mbliana déag.

Chaith sí a saol ina dhiaidh sin ag cur na carthanachta úd i ngníomh.

Is i Séipéal an Chroí Rónaofa i nDomhnach Broc a bhí an tAifreann Éagnairce ar siúl agus ba é an tAthair Richard Hendrick, Proibhinseach na gCaipisíneach in Éirinn, an príomhcheiliúraí.

Agus an chónra á tabhairt isteach sa séipéal, canadh agus seinneadh an Lúireach Phádraig – "Críost liom, Críost romham, Críost i mo dhiaidh ..." – mar a bhí iarrtha ag an tSiúr Stan féin roimh éag di.

People gathered in a church for the funeral of Sr Stan

Ina aitheasc, dúirt an tAthair Hendrick gurb iad na cumainn éagsúla a bhunaigh an tSiúr Stan – cumainn charthanachta agus cumainn ar son an cheartais shóisialta – gurb iad thar aon ní eile a hoidhreacht agus a huacht.

Duine dícheallach ab ea í a rinne mórán ar son mórán daoine, arsa sé.

Bhí thart ar 70 dá comhshiúracha ó Ord na Carthanachta i measc na sochraideach agus dúirt duine acu ón altóir, an tSiúr Úna, gur ag Dia amháin a bhí a fhios cé mhéad duine ar chabhraigh an tSiúr Stan leo, bhí an oiread acu ann.

Is é an carthanas Focus Ireland, a bhunaigh an tSiúr Stan i 1985, an cumann is mó luaitear léi.

Tacaíonn Focus Ireland le daoine gan dídean agus tarraingíonn an cumann aird go rialta ar dhualgais an Stáit maidir le soláthar tithíochta.

Bior sa bheo ag feidhmeannaigh shinsearacha an Stáit sa mhéid sin ab ea an tSiúr Stan riamh.

sr-stan-ROLLINGNEWS
"Rinne an tSiúr Stan mórán ar son mórán daoine"

I measc na ndaoine aitheanta a bhí ar an tsochraid, bhí Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins, an t-iarUachtarán Mary McAleese, an Tánaiste Simon Harris, ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald agus an t-amhránaí Andrea Corr.

Tá an Taoiseach Micheál Martin ag freastal ar chomhdháil aeráide na Náisiún Aontaithe sa Bhrasaíl agus bhí a aide de camp ag an Aifreann Éagnairce ina ionad.

I ndiaidh an Aifrinn, cuireadh an tSiúr Stan i Reilig Phobal Shiúracha na Carthanachta i nDomhnach Broc.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ