Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

An Úcráin: 25 duine maraithe i mórionsaí diúracán agus drón

19 NOVEMBER 2025, 16:11

Daoine maraithe in ionsaí ar bhloc árasán i gcathair Ternopil in iarthar na hÚcráine
X Facebook

Maraíodh 25 duine ar a laghad, triúr páistí ina measc, agus gortaíodh na scórtha eile in ionsaí diúracán agus drón a rinne fórsaí míleata na Rúise ar chathair Ternopil in iarthar na hÚcráine i gcaitheamh na hoíche.

Tuairiscítear gur i mbloc árasán a bhí an chuid is mó de na daoine a maraíodh agus a gortaíodh.

Ionsaíodh áiteanna eile san Úcráin freisin agus áirítear gur breis agus 470 drón agus 48 diúracán san iomlán a scaoileadh leis an tír.

Is cosúil gur ar bhonneagar fuinnimh agus iompair na tíre a bhí an mórionsaí is deireanaí seo dírithe, agus deirtear go bhfuil go leor den phobal fágtha gan cumhacht leictreach dá bharr agus aimsir ribeach an gheimhridh ina tús.

Chomh maith leis na daoine a maraíodh agus a gortaíodh san ionsaí ar an mbloc árasán in Ternopil, tuigtear go bhfuil daoine eile sáinnithe faoin smionagar ansin.

Dúirt Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky gur léirigh an t-uafás go gcaithfeadh tíortha an Iarthair tuilleadh smachtbhannaí fós a chur ar an Rúis agus tuilleadh arm cosanta a chur ar fáil don Úcráin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ