Tugadh bean 40 bliain d'aois os comhair Chúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath inniu agus í cúisithe i mbagairt a dhéanamh ar an Tánaiste Simon Harris agus ar a theaghlach.
Sin í Sandra Barry, as Tor an Rí, Baile Gadaí, i Leamhchán, a bhfuil sé curtha ina leith gur sheol sí teachtaireacht bhagrach nó thar a bheith maslach chuig Simon Harris agus rún aici díobháil a dhéanamh.
Líomhnaítear gur sheol Sandra Barry an teachtaireacht bhagrach óna teach cónaithe ar 30 Lúnasa i mbliana.
Thug Garda le fios sa chúirt inniu nach ndúirt Sandra Barry aon ní nuair a cúisíodh í i Stáisiún Gardaí Shráid an Stórais ar maidin inniu.
Dúirt an Garda freisin gur bagairt intuigthe seachas bagairt fhollasach a bhí i gceist.
Ní dhearna Sandra Barry aon phléadáil sa chúirt inniu.
Scaoileadh saor ar bannaí í faoi réir coinníollacha áirithe agus tiocfaidh sí os comhair na cúirte arís ar an 18 Nollaig.
Ní raibh Simon Harris sa chúirt inniu.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


