Is in aghaidh Phoblacht na Seice a bheas foireann sacair Phoblacht na hÉireann ag imirt sa chluiche leathcheannais i mbabhtaí cáilithe Chorn an Domhain tar éis do na hÉireannaigh an ceann is fearr a fháil ar an Ungáir Dé Domhnaigh seo caite.
Beidh an cluiche in aghaidh na Seiceach ar siúl i Staid Letná i bPrág Déardaoin an 26 Márta 2026.
Toilleadh 18,000 duine atá sa staid sin agus meastar go mbeidh áit ar fáil ann do thart ar 1,000 de lucht leanúna na hÉireann.
Níl sa chluiche sin ach an chéad chlaí, áfach, agus dá n-éireodh leis na hÉireannaigh í a chaitheamh thabharfaidís aghaidh an Mháirt dar gcionn ar an Danmhairg nó ar an Macadóin Thuaidh.
Is i mBaile Átha Cliath a bheadh an dara cluiche sin ar siúl.
Tá Tuaisceart Éireann le himirt in aghaidh na hIodáile ina gcluiche leathcheannais féin.
Is san Iodáil a bheas an cluiche sin ar siúl.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


