Tá sé ráite ag Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky go bhfuil sé sásta comhoibriú leis na Stáit Aontaithe maidir leis an bplean síochána atá dréachtaithe ag an tír sin faoin gcogadh san Úcráin.
Obair thairbheach a theastaíonn anois, arsa sé, a gcaithfear tabhairt fúithi go hionraic agus go beo.
Sin an méid a bhí le rá ag Zelensky faoi phlean na Meiriceánach, áfach, níor thug sé aon sonraí agus dealraíonn sé ón gcaint thomhaiste ghonta a rinne sé go bhfuil col aige leis i ndáiríre.
Bhí Rúnaí Arm na Stát Aontaithe Dan Driscoll i gCív inné, áit ar phléigh sé an plean le hionadaithe ó Rialtas na hÚcráine i dtosach agus le Zelensky féin ina dhiaidh sin.
Mhaígh urlabhraí ó Rialtas na Stát Aontaithe gur ghlac duine de na hiondaithe sin, Rustem Umerov, gur ghac sé leis an bplean tar éis dó roinnt leasuithe a mholadh.
De réir an phlean, nach bhfuil foilsithe ach atá feicthe ag an ngníomhaireacht nuachta Reuters, ghéillfeadh an Úcráin gach orlach de réigiún Donbas in oirthear na tíre don Rúis agus laghdófaí faoina leath an líon saighdiúirí atá in Arm na hÚcráine – é sin mar mhalairt ar ghealltanais faoi shlándáil na hÚcráine.
Deirtear sa phlean freisin go síneodh an Rúis, an Úcráin agus an tAontas Eorpach conradh neamhionsaithe; nach gcuirfí chun na hÚcráine aon saighdiúirí ó Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh; agus nach gcuirfí le líon na mballstát san eagraíocht sin.
Ina cheann sin, chuirfí deireadh de réir a chéile leis na smachtbhannaí idirnáisiúnta atá curtha ar an Rúis ó rinne an tír sin ionradh ar an Úcráin i dtús 2022.
Thabharfaí cuireadh don Rúis a bheith rannpháirteach an athuair i bhfóram thíortha an G8 agus dhéanfadh na Stáit Aontaithe raon leathan socruithe eacnamaíochta leis an Rúis maidir le fuinneamh, acmhainní nádúrtha, infreastruchtúr, intleacht shaorga, ionaid bhunachar sonraí agus mianraí tearcithreacha i réigiún an Artaigh.
Ní fios ar phléigh na Meiriceánaigh an plean le tíortha eile san Eoraip fós ach inné thug Airí Gnóthaí Eachtracha an Aontais Eorpaigh le tuiscint nach raibh siad róthógtha lena raibh cloiste acu ina leith.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


