Tugadh ógánach ocht mbliana déag d'aois os comhair Chúirt Dúiche an Náis i gCo Chill Dara inniu agus é cúisithe i ndúnorgain Ryan Weir Gibbons, fear 29 bliain d'aois a ionsaíodh i mbaile Chill Dara an mhí seo caite.
Fuarthas Ryan Weir Gibbons sínte ar an talamh agus é gan aithne gan urlabhra ar Bhóthar Bhaile Átha Cliath i gCill Dara ar an 26 Deireadh Fómhair.
Fuair sé bás in Ospidéal an Náis ceithre lá ina dhiaidh sin.
Is é Ryan Murphy as Machairí an Churraigh i mbaile Chill Dara an té atá cúisithe ina dhúnorgain.
Dúirt Garda sa chúirt gurbh amhlaidh a d'éirigh idir Ryan Weir Gibbons agus Ryan Murphy ar an mbus as Baile Átha Cliath go deireanach an oíche sin.
Casadh an bheirt ar a chéile níos deireanaí agus thug siad aghaidh ar a chéile arís, arsa an Garda.
Thug Ryan Murphy buille do Ryan Weir Gibbons agus thit an déanach go talamh. a dúradh.
Dúirt aturnae an chúisí go mbeadh a chliant ag maíomh gur á chosaint féin a bhí sé.
Dhiúltaigh an Breitheamh Desmond Zaidan an t-iarratas a rinne an t-aturnae ar bhannaí agus chuir sé Ryan Murphy siar faoi choinneáil go dtí Dé Céadaoin seo chugainn.
Dúradh go ndearna Ryan Murphy an Ardteistiméireacht i mbliana agus gur mac léinn cóitseála rugbaí is ea é in Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt i gCeatharlach.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


