Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

An Úcráin: 'an-dul chun cinn' i gcomhráite faoi phlean síochána

25 NOVEMBER 2025, 12:09

Comhráite sa Ghinéiv: an bhearna mhór idir dhá thaobh an bhoird á cúngú, is cosúil
X Facebook

Dúirt na Stáit Aontaithe agus an Úcráin araon go raibh comhráite a bhí ag ionadaithe sinsearacha ón dá thír sa Ghinéiv ar an deireadh seachtaine, go raibh siad "an-táirigiúil ar fad".

Plean síochána na Meiriceánach maidir leis an gcogadh san Úcráin a bhí á chriathrú ag an dá thaobh sa chruinniú, a raibh oifigigh ón Aontas Eorpach agus ón mBreatain páirteach ann freisin.

Thug na Meiriceánaigh agus na hÚcránaigh le fios i ndiaidh an chruinnithe go raibh siad dóchasach go dtiocfaidís ar aon aigne faoin bplean síochána gan mhoill agus dúirt go ndearna siad "dul chun cinn suntasach" sa treo sin.

Ba le lucht Mheiriceá treise ar lucht na hÚcráine le teanntás, áfach, agus i ráiteas ón Teach Bán maíodh go raibh na hÚcránaigh sásta leis an dréacht is deireanaí den phlean.

Cé gur fíorbheagán atá á rá ag ceannairí Eorpacha go poiblí faoi láthair, thug siad le tuiscint an tseachtain seo caite gur shíl siad go raibh an iomarca á ghéilleadh don Rúis sa phlean.

Agus in ainneoin gur ag labhairt go cáiréiseach atá na hÚcránaigh, glactar leis go n-aontaíonn siad leis na hEorpaigh sa mhéid sin.

Táthar imníoch go háirithe faoina bhfuil ráite sa phlean síochána maidir le slándáil na hÚcráine i bhfad na haimsire, nó faoi nach bhfuil ráite ann i ndáiríre.

Mar sin féin, tá an plean á sháirsingiú ar na hÚcránaigh ag Uachtarán Stát Aontaithe Donald Trump agus tá fógra tugtha aige dóibh glacadh leis faoin Déardaoin bheag seo.

Mar leis an gcogadh féin agus an doirteadh fola gan stad, tuairiscítear gur maraíodh ceathrar agus gur gortaíodh seacht nduine dhéag in ionsaí drón a rinne na Rúisigh ar chathair Kharkiv in oirthuaisceart na hÚcráine i gcaitheamh na hoíche.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ