Tuairiscítear go raibh comhráite ag Rúnaí Arm na Stát Aontaithe Dan Driscoll agus oifigigh ón Rúis in Abú Daibí, príomhchathair Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, faoi dheireadh a chur leis an gcogadh san Úcráin.
Comhráite gan choinne a bhí iontu, is cosúil, agus na Meiriceánaigh ag féachaint le cur ina luí ar gach taobh glacadh leis an bplean síochána atá siad a mholadh gan a thuilleadh moille.
Ceaptar go mbeidh cainteanna ag Dan Driscoll le hoifigigh ón Úcráin freisin in Abú Daibí níos deireanaí inniu.
Mar leis an bplean síochána, tá go leor ceisteanna fós le réiteach, mórshonraí agus mionsonraí araon, agus drogall ar an Úcráin go háirithe a bheith tarraingthe ar bhealach a haimhleasa.
Tá sé tugtha le fios ag Coimisinéir Cearta Daonna Chomhairle na hEorpa an tOllamh Michael O'Flaherty go bhfuil imní air féin faoina bhfuil sa phlean síochána.
Ag labhairt dó ar RTÉ, dúirt an Flathartach gur socrú an-sealadach atá sa phlean agus gur dírithe ar thalamh seachas ar dhaoine atá sé.
Dar leis, arsa sé, nach mbeidh aon rath ar an bplean mura dtabharfar tús áite do dhaoine thar mhaoin.
Mar chruthú ar an bpráinn atá le socrú, nó sos cogaidh ar an gcuid is lú de, gach lá dá n-éiríonn bíonn scéal ann faoi uafás eile fós san Úcráin.
Aréir, maraíodh seisear ar a laghad nuair a scaoil fórsaí míleata na Rúise na céadta diúracán agus drón le príomhchathair na tíre, Cív.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


