Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Eolas á lorg faoi bhás beirte i mBéal Feirste i 1981

25 NOVEMBER 2025, 12:37

Desmond agus Eric Guiney a bhásaigh de bharr gortuithe a bhain dóibh nuair a ionsaíodh a leoraí mí na Bealtaine 1981
X Facebook

Tá coimisiún neamhspleách sa Tuaisceart ag iarraidh eolas ar an bpobal maidir le bás fir agus a mhic i dtuaisceart Bhéal Feirste i 1981.

Fear bainne ab ea Eric Guiney, a bhí 45 bliain d'aois, agus bhí sé féin agus a mhac Desmond, a bhí ceithre bliana déag, ag seachadadh bainne nuair a ionsaíodh a leoraí ar Bhóthar Aontroma ar an 6 Bealtaine 1981.

Bhí círéibeacha ar siúl sa cheantar ag am agus an stailceoir ocrais Bobby Sands tar éis bháis an oíche roimhe sin.

Caitheadh clocha leis an leoraí, d'imigh sí ó smacht agus bhuail faoi chuaille coincréite.

Bhásaigh Desmond Guiney san ospidéal trí lá ina dhiaidh sin agus bhásaigh a athair cúpla lá ina dhiaidh sin arís.

Tá bás na beirte á fhiosrú ag an gCoimisiún Neamhspleách ar Athmhuintearas agus Aisghabháil Eolais.

Tá póstaeir á gcrochadh i dtuaisceart Bhéal Feirste ag ionadaithe an choimisiúin agus tá bileoga á scaipeadh acu le súil go gcuirfidh daoine a bhfuil eolas acu ar an ionsaí a rinneadh ar an leoraí, go gcuirfidh na daoine sin an t-eolas ar fáil don choimisiún.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ