Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Dídeanaithe le cuid dá gcostais lóistín a ghlanadh iad féin

25 NOVEMBER 2025, 12:35

Beartais níos déine á dtabhairt isteach ar fud na hEorpa i dtaca le cúrsaí inimirce
X Facebook

Tá sé i gceist ag an Rialtas reachtaíocht nua a thabhairt isteach faoina mbeadh oibleagáid ar iarrthóirí ar thearmann idirnáisiúnta sa tír seo idir 10% agus 40% dá n-ioncam seachtainiúil a thabhairt don Stát le cuid dá gcostais lóistín a ghlanadh.

Cuir i gcás, daoine a bhfuil ioncam seachtainiúil de €150 acu, bheadh orthu €15 den tsuim sin a thabhairt don Stát; daoine a bhfuil ioncam seachtainiúil de €340 acu, bheadh orthusan €83 a íoc; agus daoine a fhaigheann €600 sa tseachtain, is €238 a d'íocfaidís siúd.

Tá an beartas le plé ag cruinniú den Chomhaireacht amárach agus má ghlacfar leis cuirfear i bhfeidhm é an bhliain seo chugainn.

De réir figiúirí a chuir an Roinn Dlí agus Cirt i dtoll a chéile anuraidh, dá mbeadh an polasaí i bhfeidhm roimhe seo bheadh ar 7,600 duine ranníocaíocht áirithe a dhéanamh.

Pléifear sa chruinniú amárach freisin moladh rialacha níos déine a thabhairt isteach maidir le teaglaigh iarrthóirí ar thearmann a theacht go hÉirinn.

Moladh eile fós atá ar chlár oibre an chruinnithe gan saoránacht na hÉireann a cheadú do dhaoine mura bhfuil siad ina gcónaí sa Stát le cúig bliana seachas trí bliana mar atá faoi lathair.

Tá beartais níos déine á dtabhairt isteach ar fud na hEorpa i dtaca le cúrsaí inimirce.

An samhradh seo chugainnn, cuirfear i bhfeidhm polasaithe nua san Aontas Eorpach faoina mbeidh sé níos éasca ag ballstáit teorainn a chur le líon na n-imirceach a ligeann siad isteach.

Próiseálfar iarratais ar thearmann níos luaithe agus féadfar daoine a dhíbirt as ballstáit níos luaithe ná mar a dhéantar faoi láthair.

Tá na beartais nua cáinte ag roinnt eagraíochtaí carthanachta a deir go mbeidh sé i bhfad níos deacra ar iarrthóirí tearmainn cosaint a fháil dá mbarr.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ