Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Enoch Burke gafa agus curtha i bpríosún

25 NOVEMBER 2025, 18:19

Enoch Burke taobh amuigh de scoil Wilson's Hospital (Pic: Cartlann)
X Facebook

Tá an múinteoir meánscoile Enoch Burke gafa ag na Gardaí agus tugtha acu go Príosún Mhuinseo i mBaile Átha Cliath de bhun ordú Ard-Chúirte.

An tseachtain seo caite, d'ordaigh an Ard-Chúirt Enoch Burke a chur i bpríosún an athuair faoi dhíspeagadh cúirte.

Dúirt an Breitheamh Brian Cregan nach raibh aon rogha aige ach an Búrcach a chur faoi ghlas mar go raibh sé ag tabhairt neamhaird go dínáireach agus go seasta ar ordú cúirte fanacht amach ó scoil Wilson's Hospital i gCo na hIarmhí.

Cé go raibh na Gardaí sa tóir air ó shin, bhí éirithe leis an cor gearr a thabhairt dóibh.

Nuair a chuaigh sé chuig an scoil arís inniu, más ea, cuireadh fios orthu agus gabhadh é ag na geataí.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ