Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Fear óg gafa faoi iarracht a dhéanamh ar phóilín a dhúnmharú

27 NOVEMBER 2025, 16:41

Lann fhiaclach cúig orlach ar fad atá ar an scian sealgaire ar ionsaíodh na póilíní léi
X Facebook

Tugadh iarracht ar phóilín a shá sa cholainn le scian sealgaire i gcathair Dhoire go moch ar maidin inniu.

Thug fear óg fogha faoi thriúr póilíní agus iad ag iarraidh é a ghabháil i gceantar Chuillinn ag thart ar 2 a chlog ar maidin.

D'fhéach an fear le duine de na póilíní a shá sa cholainn ach níor tolladh é mar go raibh sé ag caitheamh veist chosanta.

Mar sin féin, ghearr an fear póilín eile sa chois leis an scian chíre a bhí cúig orlach ar fad.

Ar deireadh, cheansaigh na póilíní an fear le sprae piobair agus lena mbaitíní.

Tugadh chun an ospidéil an t-oifigeach a ghearradh sa chois, áit ar dúnadh an lot le greamanna.

Creidtear go mbeadh mórdhíobháil déanta don phóilín eile murach a veist chosanta.

Tá fear 21 bliain d'aois á cheistiú faoi iarracht a dhéanamh ar an bpóilín sin a dhúnmharú.

Bhíothas sa tóir air aréir faoi choinníollacha bannaí a shárú.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ