Tá priosún saoil gearrtha ar fhear 59 mbliana d'aois as John Mackey, fear scothaosta as Éirinn, a dhúnmharú i Londain anuraidh.
Fuarthas Peter Augustine ciontach níos luaithe an mhí seo i ndúnmharú agus i robáil an phinsineara, agus é ag siúl abhaile óna ollmhargadh áitiúil mí Bealtaine 2024.
As Calainn, Co. Chill Chainnigh ó thús é John Mackey, ach thug Londain air féin agus é ina dhéagóir, agus ag cur faoi sa deireadh gar do Finsbury Park.
Fear singil den chuid is mó dá shaol, bhí cion mór ag a 22 neacht agus nia air.
Sa ráiteas tionchair íospartaigh, labhair a neacht Patricia Schan faoin uafás agus faoin suaitheadh a chuir a bhás ar an teaghlach, agus faoin bhfulaingt a chuir a bhás ar a dheartháireacha agus a dheirfiúracha, atá ina gcuid 80aí.
Ghoill an fhianaise sa chúirt, a dúirt sí, as cuimse ar dhuine amháin de na nianna, duine a bhí an-mhór le John Mackey, agus duine a d'fhulaing gortaithe ó ionsaí ina óige a chuir athrú mór ar a shaol.
An t-uncail foirfe, a thug sí ar John Makey, fear a raibh an "greann agus an diabhlaíocht" go tréan ann.
Bhásaigh John Mackey, a bhí 87 mbliana d'aois de bharr ghortú maol dá chloigeann agus dá chliabhrach. Ní raibh an siúl go maith ag John Mackey agus bhí maide aige mar thaca aige.
Nuair a gabhadh Peter Augustine in óstán an 8 Belataine, fuarthas boscaí folmha bia ann ar aon dul leis an mbia a bhí ceannaithe ag John Mackey san ollmhargadh nuair a ionsaíodh é. Ba chosúil go raibh an bia ite.
D'admhaigh sé gur sciob sé an mála siopadóireachta as lámha an phinsinéara agus theith leis, agus nach nach bhfaca sé John Mackey ag titim go talamh.
23 bhliana a ghearr an Breitheamh Sarah Whitehouse ar Peter Augustine as an dúnmharú, 8 mbliana as an robáil ar John Mackey, agus dúirt go mbeidh ar laghad 22 bhliain roimhe sa phríosún.
Ní scaoilfear amach ar parúl é mura gceapfaidh bord parúil nach mbeidh baol ann don phobal.
D'fhéadfadh sé nach dtiocfaidh an lá sin go brách, a dúirt an Breitheamh.
Ní raibh Augustine i láthair don phianbhreith inniu, agus é á rá go raibh a dhroim ag spochadh leis.


