Tá príosún saoil gearrtha inniu ar fhear as a mháthair a dhúnmharú trí bhliana ó shin.
Dé Luain seo caite, fuarthas Billy Burns, 55, ciontach i ndúnmharú a mháthar, Miriam Burns i gCo. Chiarraí mí Lúnasa 2022.
Phléadáil Billy Burns neamhchiontach mar gheall ar ghealtacht i ndúnmharú a mháthar Miriam, 75, ina teach cónaithe i gCill Áirne i 2022.
Ach tar éis a macnamh a dhéanamh fuair giúiré d'aonghuth go raibh sé ciontach i ndúnmharú.
Thángthas ar chorp Mhiriam Burns ina teach ag Ard Seanbhuaile, Cill Áirne an 15 Lúnasa 2022 tar éis do bhaill den teaghlach iarraidh ar chomharsana fios a chur uirthi.
Mhol an Breitheamh O'Connor an teaghlach inniu as an dígnit agus stuaim a léirigh siad i gcónaí in ainneoin na fianaise a tugadh faoin bhás foréigneach a fuair a máthair.
Pribhléid a bhí ann, a dúirt sí, léargas a fháil ar an gcineál duine a bhí ina máthair.
Dúirt sí freisin gur léir di ón dúbhrón a bhí le brath uathu i rith na trialach gur thug a máthair grá agus cion dóibh uile.


