Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Tuarastal Enoch Burke le cur i dtreo damáistí don scoil

28 NOVEMBER 2025, 13:55

Ar nasc físe a bhí Enoch Burke sa chás cúirte inniu
X Facebook

Íocfar tuarastal Enoch Burke do Scoil Wilson's Hospital, an scoil a mbíodh sé ag obair ann, go mbeidh damáistí €15,000 glanta aige.

Sin é a rialaigh an Ard-Chúirt inniu, dhá bhliain tar éis don chúirt a ordú d'Enoch Burke damáistí €15,000 a íoc leis an scoil as an treaspás a rinne sé ar a cuid maoine.

Faoi láthair, íoctar tuarastal Enoch Burke le hOifig na gCúireteanna, le fíneálacha atá gearrtha air ag na cúírteanna as urghaire cúirte a shárú, urghaire a chuir air fanacht amach ón scoil.

Ach ar rialú an Bhreithimh Brian Cregan inniu, chuig an scoil a ghabhfaidh an tuarastail anois.

Bhí iarratas eile ag an scoil os comhair na cúirte inniu freisin, sin é na cairr ina dtiomántar Enoch Burke chuig Scoil Wilson's Hospital gach lá a ghabháil go sealadach. Dúirt an Breitheamh go raibh an chumhacht sin ag an gCúirt, ach ó tharla Enoch Burke bheith i bpríosún, níor ghá sin a dhéanamh.

Gabhadh Enoch Burke níos luaithe an tseachtain seo agus tá sé anois i bPríosún Mhuinseó.

Ar nasc físe a bhí Enoch Burke inniu, ach bhí a dheartháir Isaac agus a athair Seán i seomra na cúirte.

Chuir an bheirt ghaolta in aghaidh aon bhreith bheith á thabhairt agus gan Enoch Burke bheith go fisiciúil os comhair na cúirte.

Ní raibh aon ghlacadh ag an mBreitheamh leis seo, agus dúirt le hIsaac Burke gur chuir sé isteach ar ghnó na cúirte gach uair abhí sé i láthair ann.

D'ordaigh sé do na Gardaí Seán agus Isaac Burke a chur amach as an gcúirt.

De bharr nach raibh Enoch Burke os comhair na cúirte, níor thug an Breitheamh Cregan a bhreith uaidh inniu, ach déanfaidh sé é sin Dé Céadaoin seo chugainn.

Seafóid, a dúirt an Breitheamh a bhí sa chaint ó Enoch Burke go raibh sé sa phríosún de bharr a chreidimh, agus gur treaspás ar mhaoin daoine eile ba chúis leis bheith i ngéibheann.

Dá dtabharfadh sé geallúint nach ndéanfadh sé treaspás ar mhaoin na scoile arís, d'fhéadfaí é a shaoradh, gan aon gheallúint a thabhairt faoina phrionsabail creidimh a athrú.

Tá an chonspóid seo ar bun ó Lúnasa 2022.