Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

'Tá seans ann deireadh a chur leis an gcogadh', a deir Zelensky

02 DECEMBER 2025, 18:06

Uachtarán na hÚcráine ag labhairt sa Dáil tráthnóna
X Facebook

Tá Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelensky agus Ceadbhean na hÚcráine, Olena Zelenska ar a gcéad chuairt oifigiúil ar Éirinn.

Shroich siad aerfort Bhaile Átha Cliath go gairid roimh 11pm aréir.

Ukrainian President Volodymyr Zelenskyy and first lady Olena Zelenska arrive for an official Irish state visit at Dublin Airport

Chuir an Taoiseach Micheál Martin agus an tAire Stáit sa Roinn Gnóthaí Eachtracha Thomas Byrne fáilte rompu chun na tíre.

Photo shows Taoiseach Micheál Martin welcoming President Volodymyr Zelenskyy of Ukraine at Dublin Airport ahead of an official visit to Ireland

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin gur onóir a bhí ann do fáilte a chur roimh Uachtarán na hÚcráine agus a bhean chéile go hÉirinn.

Photo shows Taoiseach Micheál Martin welcoming President Volodymyr Zelenskyy of Ukraine at Dublin Airport ahead of an official visit to Ireland

I dteachtaireacht a chuir an Taoiseach amach ar an ardán X, dúirt sé go raibh tacaíocht na hÉireann ag muintir na hÚcráine agus iad ag iarraidh a gcuid saoirseachta agus daonlathas na tíre a chosaint.

Bhuail an tUachtarán Zelensky agus a bhean chéile Olena, le hUachtarán na hÉireann, Catherine Connolly ag Áras an Uachtaráin ar maidin.

President Catherine Connolly reaches out to shake the hand of Volodymyr Zelensky as his wife looks on

Standing left to right are Olena Zelenska Volodymyr Zelensky Catherine Connolly at aras an uachtarain

Shínigh an tUachtarán Zelensky leabhar na gcuairteoirí in Áras an Uachtaráin.

Zelensky's signature and message in the visitors' book

I dteachtaireacht i leabhar na gcuairteoirí, ghabh an tUachtarán Zelensky buíochas ó chroí le Rialtas na hÉireann as tacaíocht dhílis a thabhairt don Úcráin, le linn ionradh na Rúise ar an dtír sin.

President Zelensky signs visitors book at Aras with President Catherine Connolly standing to his side

Ghabh sé buíochas chomh maith le muintir na hÉireann as a gcuid flaithiúlachta agus as foscadh a thabhairt do mhuintir na hÚcráine sa tír seo.

Ina dhiaidh, bhí cruinniú ag Uachtarán na hÚcráine le hUachtarán na hÉireann, Catherine Connolly in Áras an Uachtaráin.

Catherine Connolly and Zelensky sit down at a table in the Áras

Volodymyr Zelensky stands beside catherine connolly

Chuir an Taoiseach Micheál Martin fáilte roimh Uachtarán na hÚcráine go Tithe an Rialtais tráthnóna.

Ukrainian President Volodymyr Zelensky (left) is greeted by Taoiseach Micheal Martin at the Government Buildings in Dublin
Taoiseach and Zelensky at Government buildings

Bhí cruinniú déthaobhach ag an Uachtarán Zelensky leis an Taoiseach Micheál Martin.

Taoiseach and Zelensky in the Taoiseach's office

Labhair an Taoiseach Micheál Martin agus an tUachtarán Zelensky leis na meáin ag Tithe an Rialtais tráthnóna.

Ukrainian President Volodymyr Zelensky (left) and Taoiseach Micheal Martin speak to the media during a press conference at the Government Buildings in Dublin

Dúirt an Taoiseach go raibh an caidreamh idir an dá thír bunaithe ar luachanna a roinneann an dá thír, saoirseacht, daonlathas agus an ceart atá ag gach stát a dtodchaí féin a shocrú.

Micheál Martin and Zelensky speaking at Government Buildings

Dúirt an Taoiseach go leanfaidh Rialtas na hÉireann ag tabhairt tacaíochta don Úcráin.

Dúirt Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelensky, go bhfuil seans níos mó anois ann ná mar a bhí riamh roimhe seo deireadh a chur leis an gcogadh san Úcráin.

Tráthnóna, chuir Teachtaí Dála agus Seanadóirí fáilte roimhe go Teach Laighean agus go Dáil Éireann.

President of Ukraine Volodymyr Zelensky is greeted by politicians as he enters the Dail

Thug an tUachtarán Zelensky óráid uaidh os comhair bhaill an Oireachtais sa Dáil.

Labhair an Ceann Comhairle Verona Murphy i dtosach.

Ukrainian President Volodymyr Zelensky

Dúirt an Ceann Comhairle "A Uachtaráin Zelensky, tá fáilte mhór romhat i dTeach Laighean, ionad Pharlaimint náisiúnta na hÉireann. Is mór an meas atá againn ort féin agus ar mhuintir na hÚcráine, agus ar an tseasmhacht agus an diongbháilteacht atá léirithe agaibh chun bhur dtír a chosaint ar an ionróir."

I mBéarla a labhair an tUachtarán Zelensky dá óráid, a mhair 15 nóiméad. Dúirt sé gur mór an onóir a bhí ann do a bheith ag caint in Éirinn, i dtír a thuigeann 'costas na saoirse'.

Ukrainian President Volodymyr Zelensky

Ghabh sé buíochas le muintir na hÉireann as tithe a thabhairt do mhuintir na hÚcráine agus iad a chosaint, in am a ngátair. Tá tuairim is 84,000 Úcránach ina gcónaí in Éirinn faoi láthair.

'Tuigeann muintir na hÉireann costas na saoirseachta', a dúirt sé.

Dúirt sé nach féidir le haon duine bréag a insint don domhan mór go deo, fiú Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin.

Volodymyr Zelensky addresses politicians in the Dail chamber

Dúirt an tUachtarán go raibh an Rúis ag iarraidh caitheamh leis Úcráin mar mhaoin dá cuid féin.Tá 'bolscaireacht an fhuatha' ag leanúint ar aghaidh, arsa Zelensky.

Dúirt an tUasal Zelensky go raibh an Úcráin ag troid do gach pobal agus gach ceantar ar domhan.

Ukrainian President Volodymyr Zelensky

Dúirt sé go raibh fonn ar an Úcráin seasamh taobh le hÉirinn san Aontas Eorpach. Dúirt sé go raibh sé muiníneach go mbainfidh an Úcráin ballraíocht san Aontas Eorpach amach.

Dúirt an tUasal Zelensky go gcaithfidh an Rúis a bheith freagrach as an gcogadh san Úcráin.

D'iarr an tUachtarán ar an dtír seo tacú le cás chun binse fiosruithe a bhunú chun a chinntiú go mbeadh an Rúis freagrach as páistí ón Úcráin a fhuadach.

President of Ukraine Volodymyr Zelensky is pictured addressing the Dail

Ghabh sé buíochas le Teachtaí Dála agus Seanadóirí as a dtacaíocht dhílis don Úcráin ag rá go bhfuil seans ceart ann anois ar shíocháin san Úcráin má tá sé ag teastáil ón domhan mór.

D'impigh an tUachtarán ar mhuintir na hÉireann leanúint orthu ag tabhairt tacaíochta dá thír ag rá 'na cailligí bhur misneach san Úcráin riamh'.

Volodymyr Zelensky receives a standing ovation after his address in the Dail chamber

Tá €125 i gcúnaimh airgid fógartha ag an Taoiseach don Úcráin. Tá an t-airgead mar chuid do threochlár nua páirtnéireachta le hÉirinn a chludóidh an chéad 5 bhliana eile.

Idir an dá linn, tá toscaire speisialta Mheiriceá Steve Witkoff i Moscó do chainteanna le hUachtarán na Rúise, Vladimir Putin, maidir le deireadh a chur leis an gcogadh san Úcráin. Tá na cainteanna mar chuid do bhrú nua ó na Stáit Aontaithe in iarracht comhaontú síochána a bhaint amach.

Dúirt Uachtarán na Rúise inniu nár theastaigh cogadh uaidh leis An Eoraip, ach go raibh sé ullamh chun cogaidh, más rud é gur theastaigh coimhlint dhíreach ón Eoraip le Moscó.

Dúirt Putin nach féidir leis an Rúis glacadh leis na moltaí a cuireadh faoina bráid chun deireadh a chur leis an gcogadh san Ucráin.

' />