Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Córas príosúin na tíre 'mídhaonnachtúil' a deir an IPRT

02 DECEMBER 2025, 12:57

Córas príosúin na tíre 'mídhaonnachtúil' a deir Iontaobhas na hÉireann um Athchóiriú an Chórais Choiriúil
X Facebook

Deir an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar Iontaobhas na hÉireann um Athchóiriú an Chórais Choiriúil, Saoirse Brady, go bhfuil cúrsaí imithe in olcas go mór i bpríosúin na tíre.

Sa tuarascáil is déanaí de chuid an Iontaobhais, deirtear go bhfuil an córas faoi bhrú ollmhór. Tugtar le fios go raibh 5,000 duine i bpríosúin na tíre seo don chéad uair, i Meitheamh na bliana seo caite.

Ach, deir Saoirse Brady go bhfuil cúrsaí imithe in olcas ó deineadh an tuarascáil is déanaí agus go bhfuil os cionn 600 príosúnaigh ag coladh ar thochtanna ar an úrlár anois.

Deir Saoirse Brady go bhfuil na cúinsí i bpríosúin na tíre 'mídhaonnachtúil'.