Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Plean foilsithe le dul i ngleic le moill ar thograí bonneagair

03 DECEMBER 2025, 12:40

Plean foilsithe ag an Rialtas le súil dlús a chur le tograí bonneagair náisiúnta
X Facebook

Tá plean foilsithe ag an Rialtas a bhfuil sé mar aidhm aige dlús a chur le bonneagar nua náisiúnta a thógáil – lena n-áirítear tithíocht, bóithre, tograí uisce agus fuinnimh – agus deireadh a chur leis an bpróiseas aimpléiseach dlíthiúil a chuireann moill ar thograí mar iad a chur i gcrích.

Tascfhórsa de chuid an Rialtais, a raibh an tAire Caiteachais Phoiblí Jack Chambers ina chathaoirleach air, a chuir an plean nua i dtoll a chéile.

Moltar sa phlean 30 gníomh a chur i bhfeidhm le dul i ngleic leis an moille dhlíthiúil agus tá spriocdhátaí curtha le gach aon cheann de na gníomhartha sin.

Ina measc, moltar cumhachtaí éigeandála a thabhairt isteach le dlús a chur le tograí riachtanacha áirithe, rialacháin áirithe a mhaolú agus na rialacha a bhaineann le hathbhreithnithe breithiúnacha a leasú.

Cuir i gcás, togra draenála Mhórlimistéar Bhaile Átha Cliath, scéim mhór séarachais a bhfuil soláthar tithíochta i ngeall air, tá moill ar an togra sin faoi láthair mar gheall ar athbhreithniú breithiúnach.

D'fhéadfaí moill a chur freisin ar Mheitreo Bhaile Átha Cliath mura leasófaí na rialacha.

Ina cheann sin, deirtear go mbíonn moill i bhfad níos faide ar thograí sa Stát seo i gcomórtas le ballstáit eile an Aontais Eorpaigh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ