Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Eoraifís 2026: cinneadh le déanamh faoi rannpháirtíocht Iosrael

04 DECEMBER 2025, 10:55

Is i Vín san Ostair atá an Comórtas Amhrán Eoraifíse le reáchtáil an chéad bhliain eile
X Facebook

Tá rannpháirtíocht Iosrael sa Chomórtas Amhrán Eoraifíse an chéad bhliain eile le plé ag baill d'Aontas Craoltóireachta na hEorpa i gcruinniú sa Ghinéiv inniu agus amárach.

Meastar go gcaithfear vóta ar an gceist i ndiaidh an phlé.

Tá sé tugtha le fios ag RTÉ cheana agus ag craoltóirí sa Spáinn, sa tSlóivéin, san Íoslainn agus san Ísiltír go dtarraingeoidh siad amach as an gcomórtas má thugtar cead d'Iosrael páirt a ghlacadh ann.

Dúirt RTÉ nach mbeadh sé ceart ná cóir ag an eagraíocht páirt a ghlacadh sa chomórtas in éineacht le hIosrael i bhfianaise an ollmharaithe atá déanta ag an tír sin in Gaza.

Bhí Aontas Craoltóireachta na hEorpa leis an gceist a phlé an mhí seo caite ach cuireadh an cruinniú siar go dtí an tseachtain seo nuair a fógraíodh sos cogaidh in Gaza i mí Dheireadh Fómhair.

Chomh maith le Gaza, áfach, tá amhras ar chraoltóirí san Eoraip faoi chóras vótála an Chomórtais Eoraifíse, go háirithe faoina fhusa atá sé líon mór vótaí bréige a chaitheamh.

Leasaíodh an córas vótála le gairid ach níl sé soiléir cé chomh slán ó mhí-ionramháil agus atá an córas úr.

Is i Vín, príomhchathair na hOstaire, atá an Comórtas Amhrán Eoraifíse le reáchtáil an chéad bhliain eile.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ