Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Strus agus Traochadh ar mhúinteoirí - taighde nua ó DCU

09 DECEMBER 2025, 10:59

X Facebook

Tá leibhéil arda struis agus traochadh i measc múinteoirí, dar le taighde nua ó OIlscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Ghlac breis is 1,000 múinteoir bunscoile agus iar-bhunscoile páirt sa staidéar ó DCU Create.

Dar leis an taighde, deir 86% de mhúinteoirí go bhfuil idir leibhéal measartha agus ard traochadh pearsanta orthu, deir 85% go bhfuil idir leibhéal measartha agus ard traochadh oibre orthu, agus deir 85% freisin gur chuir an t-ualach oibre go díreach leis an traochadh atá orthu.

Luaigh beagnach a leath de na múinteoirí go bhfuil súil ag tuismitheoirí leis an iomarca uathu, go bhfuil sturchtúr na hoibre agus an tacaíocht do dhaltaí le riachanais speisialta ina bhfacthóirí sa strus agus sa traochadh.

Tá an Cumann na mBunmúinteoirí, an INTO, ag impí ar an Aire Oideachais Hildegarde Naughton athbhreithniú neamhspleách a bhunú go práinneach féachaint ar ualach oibre an bhunmhúinteora.

Rinne an ceardchumann tagairt don chinneadh a rinne Aire Stormont Paul Givan proiséas dá leithéid a bhunú ó thuaidh, agus go bhfuil súil le toradh an phróiséas a fhoilsiú go luath.

Dar le hArd-Rúnaí an INTO, John Boyle, go bhfuil an t-éileamh a leagann an Roinn Oideachais ar bhunmhúinteoirí iomarcach agus dofhulaingthe agus gurb é sin go príomha is cúis le traochadh ina measc, chomh maith le folúntaisí fadtéarmacha gaus easpa múinteoirí ionaid.

Cuir leis sin, a dúirt sé, an t-ualach iomarcah riaracháin, an curacalaim, uaireanta fad oibre agus easpa tacaíochtaí córasacha, atá ag creimeadh misneach na mball agus ag déanamh dochar dá sláinte coirp agus intinne.

Deir an TUI, atá ionadaíoch ar sciar mhaith mhúinteoirí iarbhunscoile, go léiríonn an tuarascáil an méid struis agus traochadh atá sa ghairm trí chéíle. Tá sé seo ag cur múinteoirí ó dhoras, a deir an tArd-Rúnaí Michael Gillespie, agus á gcur i dtreo gairmeacha eile a léiríonn meas orthu.

Má tá atraenáil le cur ar mhúinteoirí, a dúirt sé, ní mór laghdú a chur ar ranganna ar ar an ualach riaracháin, dhá rud atá ag baint múinteoirí ó na croídhualgais, an teagasc agus an fhoghlaim.

Tá freagra ar an staidéar iarrtha ar an Roinn Oideachais.