Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Gan chlaonpáirtíocht idir an UVF agus stát na Breataine - Kenova

09 DECEMBER 2025, 17:29

Buamáil Bhaile Átha Cliath, 1974
X Facebook

Ní raibh aon claonpháiríocht ó thaobh stát na Breataina de sa mbuamáil a rinneadh ar Mhuineachán agus ar Bhaile Átha Cliath i 1974, dar le tuarascáil ar chuid de na himeachtaí ba chonspóidí i rith na dTrioblóidí.

Ina measc na n-ábhar idir lámha i dTuarascáil Dheiridh Kenova, bhí ról gníomhaire sinsearach Arm na Breataine san IRA.

An PSNI a rinne coimisiúnú ar an tuarasáil i 2016 ar threoir ó Sheirbhís Ionchúiseamh Thuaisceart Éireann.

34 duine a maraíodh sa dá phléasc sin sa Phoblacht an 17 Bealtaine 1974, agus le fada an lá ina dhiaidh bhí amhras ann nach raibh sé d'acmhainn ag an UVF, a ghlac freagracht as na hionsaithe, dhá ionsaí dá shórt a dhéanamh in aon lá amháin.

De réir na Tuarascála:

  • Níor thángthas ar aon fhianaise ná faisnéis a thabharfadh le fios go raibh claonpháirtíocht idir an UVF agus Fórsaí Cosanta na Breataine sna hionsaithe, ná claonpháirtíocht leis an stát.
  • Níor thánghtas ar aon fhaisnéis ar leith a d'fhéadfadh teacht roimh na hionsaithe, dá ngníomhfaí ar an bhfianaise sin.
  • Bhí sé d'acmhainn ag an UVF idir ábhar, taithí agus saineolas an bhuamáil a dhéanamh gan chúnamh ó fhórsaí cosanta na Breataine.
  • UVF Bhéal Feirste le cúnamh ón eagraíocht i Lár-Ulaidh a phleanáil agus a thug na hionsaithe i gcrích.

Seoladh Operation Denton mí Márta 2020 tar éis do bhreitheamh a rialú gur cheart athbhreithniú neamhspleách bheith déanta ar ghníomhaíochtaí an ghrúpa a dtugtaí 'the Glenanne Gang' orthu agus ar liamhaintí na claonpháirtíochta.

Deirtí gur comhaltaí den ghrúpa paramíleatach an UVF, den RUC agus den Ulster Defence Regiment (UDR) a bhí ina mbaill den Glenanne Gang.

Chomh maith le bheith luaite le buamáil Bhaile Atha Cliath agus Mhuineacháin, tá an buíon luaite freisin le sléacht an Mhiami Showband i 1975 chomh maithe hionsaithe buamála i mBéal Tairbirt, Dún Dealgan, Baile na Lorgan agus Aerfort Átha Cliath.

Tá siad luaite freisin le 127 dúnmharú seicteach sna 1970aí agus 1980aí.

D'fhéach an Tuarascáil freisin ar ról an ghníomhaire is sinsearaí de chuid Arm na Breataine san IRA, a dtugtaí Stakeknife air.

Fuair an Tuarascáil gur bhailigh sé lear mór faisnéise agus é mar bhall d'Aonad Slándála Inmheánach an IRA, faisnéis a bhí scaití an-luachmhar, agus lean mar seo ar feadh beagnach 20 bliain. Ba é ról an Aonaid seo duine a fhuadach, a chiapadh agus a mharú má bhí siad in amhras gur brathadóirí iad.

Níl ainm Stakeknife nochtaithe sa Tuarascáil seo ar choinníoll ó Rialtas na Breataine, a choinníonn aimneacha brathadóirí ina rún. Deir príomhfhiosraitheoir Kenova go bhfuil eisceachtaí déanta ag rialtas na Breataine cheana agus gur cheart sin a dhéanamh sa chás seo. Tá Stakeknife luaite cheana le 14 dhúnmharú.

Ceapadh go forleathan gurb é Freddie Scappaticci, as Iarthar Bhéal Feirste, an gníomhaire seo Stakeknife. Theith sé go Sasana i 2003 nuair a aimníodh i nuachtáin é, d'athraigh a ainm agus fuair bás ansiúd in aois a 77 mbliana i 2023. Níl rochtain poiblí ar a uacht go ceann 70 bliain, beart nár cheadaigh na cúirteanna ach amháin do bhaill den teaghlach ríoga roimhe seo.

Chuir Kenova comhaid maidir le Scappaticci faoi bhráid na Seirbhísí Ionchúiseamh Poiblí, ina raibh fianaise láidir faoin ról i bhfuadach, ciapadh agus dúnmharú. Ach fuair sé bás sular tionscnaíodh aon ionchúiseamh.

Thug arm na Breataine an-chosaint do Stakeknife a mheas gur cúnamh mór dóibh é. Ach is é breith Kenova air anois gur dócha gur bhásaigh níos mó daoine dá bharr ná mar a sábháladh de bharr na faisnéise a thug sé ar láimh mar bhrathadóir.