Léiríonn staidéar nua nach bhfuil aon fhianaise ann go raibh tionchar buan ag paindéim Covid-19 ar rátaí maireachtála nó báis ó ailse luath.
Deir an NCRI, Clárlann Náisiúnta Ailse na hÉireann, nach bhfacthas aon ardú leanúnach in ailse ina chéimeanna deiridh i ndiaidh na paindéime.
D'fhan na rátaí maireachtála do gach ailse i 2020-2021 ar aon dul leis na blianta roimhe sin.
Thit an díagnóis ar ailse go géar, de 27%, go luath i 2020 ag tús na paindéime nuair a chuir Covid-19 as do chuairteanna ar dhochtúirí teaghlaigh, coinní ospidéil agus ar sheirbhísí scagthástála.
Ach tháinig an córas chuige féin go luath i rith na paindéime agus ina diaidh, agus faoi 2022 bhí an líon cásanna a ndearnadh diagnóis orthu ar ais ag an leibhéal a mbeadh súil leis.
Am an-éiginnte a bhí sna míonna tosaigh den phaindéim d'othair agus don lucht leighis a bhí ag déanamh cúraim díobh, a deir an tOll. Deirdre Murray, stiúrthóir na Clárlainne Náisiúnta.
Bhí faitíos ar dhaoine, a dúirt sí, go mbeadh ardú suntasach sna cásanna d'ailse a ndéanfaí diagnóis déanach orthu de bharr an stad a cuireadh ar scágthástáil agus cuairteanna chuig dochtúirí ar an bhfón.
Ach ní léiríonn an fhaisnéis seo aon fhianaise gur mar sin a bhí, agus gur lean an córas sláinte ag cosaint othair le hailse, a deir Deirdre Murray.


