Beidh 95 duine níos lú ag obair in RTÉ ag deireadh na bliana seo, 65 díobh sin de bhun scéim iomarcáiochta deonaí agus 30 de bharr duine a d'éirigh as obair nó a chuaigh ar scor.
Tá sprioc de laghdú 400 duine leagtha síos don chraoltóir thar tréimhse 5 bhliana.
Chuir 308 ball foirne isteach ar an scéim iomarcaíochta agus rinneadh 107 tairiscint, a dúirt an tArd-Stiúrthóir Kevin Bakhurst, leis an gComhchoiste Oireachtais um na Meáin Meán ar ball.
Ghlac 65 duine leis na tairiscintí seo, rud a fhágann ráta glactha thart ar 60%. Fuarthas réidh le 30 post eile nuair a d'éirigh na daoine sin as an obair nó a chuaigh ar scor.
Bhí súil aige go mbainfeadh an eagraíocht an sprioc de 100 duine faoi dheireadh na bliana.
Is fiú €6.2 milliún sa bhliain na hiomarcaíochtaí deonacha seo, a dúirt sé, sin thart ar €30 milliún thar 5 bhliana. As na 30 post eile, is sábháil €2.4 milliún sa bhliain iad sin, nó €10 milliún thar na 5 bhliana.
Tá costas thart ar €100,000 le gach duine a ligean chun siúil ar scéim iomarcaíochta.
Ardaíodh ceisteanna ag an gcomhchoiste faoin ról a bheadh ag an earnáíl neamhspleách i gcláracha a léiriú in áit iad a dhéanamh go hinmheánach. Chabhródh an cur chuige seo, a dúirt Bakhurst, le slánú RTÉ san fhadtéarma agus leis an earnáil neamhspleách cruthaitheach a chothú.
Ardaíodh ceist freisin faoi thodhchaí na comhpháirtíochta idir RTÉ agus TG4 maidir le soláthar na seirbhíse nuacht ar TG4. Dúirt Deirdre McCarthy, Bainisteoir Stiúrtha Nuacht agus Chúrsaí Reatha RTÉ, go raibh cainteanna agus idirbheartaíocht ar siúl idir an dá eagraíocht agus go raibh siad sin 'dearfach', agus go mbeifí in ann an mholadh chun ceannas neamhpsleách eagarthóireachta bheith ag TG4 ar a sheirbhís nuachta féin.
Chosain Kevin Bakhurst cinneadh RTÉ gan bheith páirteach sa chomórtas Eoraifíse i mbliana, mar gheall air go mbeidh Iosrael páirteach ann. Dúirt an Seanadóir Rónán Mullen go raibh RTÉ ag feidhmiú mar a bheadh eagraíocht neamhrialtais nó eagras polaitiúil. Níor cheart, a dúirt na seanadóir, go mbeadh RTÉ ag déanamh cinní 'polaitiúla' mar seo ar son na tíre. Cinneadh don chraoltóir amháin a bhí ann, a dúirt Bakhurst agus dúirt gur mheas RTÉ go raibh tacaíocht an-láidir don chinneadh i measc an phobail.


