Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

3 theach á gcuardach ag gardaí i bhfiosrúchán dúnmharaithe

12 DECEMBER 2025, 18:37

Tadgh Farrell (ar chlé) agus Mary Holt
X Facebook

Tá 3 theach á gcuardach ag gardaí i gContaetha Chill Dara agus Uíbh Fhailí ar maidin inniu mar chuid den fhiosrúchán atá ar bun faoi dhúnmharú Thadgh Farrell,4bliana d'aois agus a shean-aintín, Mary Holt 60 bliain d'aois.

Tá ceathrar fear idir 20-40 bliain d'aois gafa ag na gardaí freisin mar chuid den fhiosrúchán.

Adhlacadh Tadgh Farrell inniu, buachaillín óg a maraíodh nuair a caitheadh buama peitril leis an teach a raibh sé ann in Éadan Doire,Co.Uíbh Fhailí san oíche Dé Sathairn seo caite.

Maraíodh a aintín san eachtra freisin agus tá fíor dhroch-bhail i gcónaí ar a sheanmháthair san ospidéal de bharr an ionsaithe.

Garda units at the scene of the fatal arson attack in Edenderry, Co Offaly
An teach in Éadan Doire a tháinig faoi ionsaí san oíche Dé Sathairn

Tá oifigigh ón Aonad Coiriúlachta Tromchúiseach ceangailte le rannóg Laois-Uíbh Fhailí den Gharda Síochána páirteach sa gcuardach.