Fiosrúchán coiriúlachta atá i gceist anois maidir le bás an naíonáin,Daniel Aruebose.
Tá uasghrádú faighte ag an bhfiosrúchán seo anois i dtaca leis na ciúinsí faoinar imigh Daniel Aruebose gan tásc gan tuairisc i mBaile Átha Cliath breis is 4 bliana ó shin.
Fuarthas a thaisí i gceantar Dhomhnach Bat i gContae Bhaile Átha Cliath i mí Meán Fómhair seo caite.
8 mbliana d'aois a bheadh Daniel Aruebose inniu dá mairfeadh sé.
Creideann na gardaí anois go raibh duine amháin nó grúpa daoine freagrach as a bhás.
Tá roinnt daoine ceistithe acu ach níl aon duine gafa go fóill.
Ar thalamh tréigthe a fuarthas taisí Daniel Aruebose i ndiaidh do ghardaí suas le coicís go leith a chaitheamh i mbun tochailte.
Níor léirigh scrúdú iarbháis a cuireadh céard ba thruaig bháis dó, tá a thaisí fós leis an gCoiste Cróinéara agus níl sé á scaoileadh go fóill le go n-adhlacfar é.
Tá cúnamh an phobail á lorg anois ag na gardaí maidir leis an bhfiosrúchán seo.
Iarrtar ar dhaoine dul i dteagmháil le Stáisiún na nGardaí i Sórd 01 666 4700,Líne Rúnda an Gharda Síochána 1800 666 111 nó aon stáisiún gardaí má tá aon eolas acu bainteach leis an gcás seo.


