Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Cúrsaí go dona i Gaza

12 DECEMBER 2025, 12:44

Tuilte thart ar na campaí i Gaza
X Facebook

'Tá droch-bhail cheart ar Gaza agus is olc é an saol don phobal ansin'.

Sin an teistiméaracht atá tugtha ag an eagraíocht UNICEF ar chúrsaí de thoradh na drochaimsire thall ansin ó athrú inné.

Tá an chogaíocht atá feicthe sa réigiún anois le breis is 2 bhliain i ndiaidh na céadta míle a fhágáil aslonnaithe agus ina gcónaí anois i bpubail atá caite le chéile.

Dá réir fágadh an suas le 850,000 duine sin ar bheagán cosanta i gcoinne na stoirme agus na báistí a bhuail an stráice ar an gCéadaoin.

Tá go leor de na hionaid chónaithe seo anois báite i bhfliuchán agus i láib agus tá imní léirithe do shláinte leanaí ansin ach go speisialta.

Tá sos lámhaigh i bhfeidhm sa stráice le tamall anois agus cuidíonn sé sin le cúrsaí a deir UNICEF.

Deir an eagraíocht áfach nach leor na soláthairtí atá ann faoi láthair le fulaingt na ndaoine a mhaolú.